Skip to main content

Posts

Showing posts from November 22, 2020

Podchraoladh ag teacht go luath

A chairde, Bí ag faire amach ar an mblag agus ar Spotify mar tá eagrán den scoth ag teacht aníos go luath le Tomás Mac Conmara. Is staraí é Tomás Mac Conmara agus déanann sé léargas a thabhairt ar shaol na hÉireann le linn Chogadh na Saoirse. Bígí ag éisteacht! Rang Feóire

Cé a thabharfas Corn Mhic Uidhir leo i mbliana? - Cian

Tá seacht fhoireann fágtha i gcraobhchomórtas peile na hÉireann. Thíos, tá foireann amháin roghnaithe agam ó chuile Chúige agus an seans atá acu a phlé. 1. Corcaigh - Níor cheap móran daoine go mbeadh seans ag Corcaigh leathchraobh a bhaint amach. Ach tar éis bua mór i gcoinne Chiarraí, tá seans maith acu .Ceapaim go bhfuil siad chun craobh na Mumhan a bhuachaint ach níl siad chun an craobh a shroicheadh. 2. Dún na nGall - Tá Dún na nGall ag imirt go maith i mbliana agus tá siad tar éis dhá chluiche deacair a bhuacaint cheana féin.Tá imreoirí iontacha acu agus tá cúpla imreoir nua tar éis teacht isteach atá ag imirt go híontach freisin. Ceapaim nach bhfuil siad ag fáil an meas atá tuillte acu. Tá seans acu ach ní cheapaim go bhfuil siad ann fós. 3. Maigh Eo - Tá go leor daoine ag caint faoi Mhaigh Eo arís i mbliana agus cé chomh maith is atá siad. Tá siad ag imirt go híontach agus ceapaim go mbeidh craobh iontach eile againn idir Mhaigh Eo agus Áth Cliath i mbliana. 4. Áth Cliath - Cea

6 Bhronntanas do chailíní an Nollaig seo - Caoimhe C

Tá an Nollaig buailte linn agus tá muid ar bís! Ach b'fhéidir nach bhfuil a fhios agat cad le fáil do do chara, deirfiúr, do Mham nó aon chailín eile i do shaol! Ná bíodh aon imní ort! 1. Bronntanas le cuimhní: Is rud cineálta é leabhar, canbhás, frama pictiúr nó féilire a fháil do duine le pictiúr ann chun cuir i gcuimhne dóibh cé chomh tabhachtach is atá siad duit agus chun breathnú siar ar bhur gcuimhní le chéile. Freisin bheadh an bronntannas go huile is go hiomlán speisialta agus persanta don duine. Seo nasc do suíomhanna inar féidir leat na bronntanais mar sin a cheannach: https://www.myphotobook.ie/photo-prints-online?gclid=CjwKCAiAnIT9BRAmEiwANaoE1TfnPfV3TNK0RBJ0uZFiT6oNx9dzNfKw5ZqwyGPRqk1pvFk_DYoAfBoCZj0QAvD_BwE        https://www.snapfish.ie/free-prints-app 2. Táirgí féin churam: Is aoibhinn le daoine táirgí féin churam a fháil a scíth a ligint. Is féidir boscaí le tairgí curaim craicinn, olaí folchta, lóiseanna, uachtair corp, cumhrán, smideadh agus coinneala a fháil. Ti

Podchraoladh #2 - Agallamh le Cian Ó Griallais ó "An Spota Dubh” - Niall, Caoimhe O, Cathal, Abby

San eagrán seo de Phodcraoladh Ardán na Feóire,  atá mar pháirt de Bhliain na Gaeilge ón ETBI,  labhraíonn muid le Cian Ó Griallais ó phodchraoladh oifigiúil an CLG “An Spota Dubh”. Is féidir éisteacht linn ar Spotify, Pocketcasts, Apple Podcasts agus Google Podcasts. Lean an nasc seo thíos chun éisteacht leis an eagrán is déanaí, cuir an nasc seo sa bhrabhsálaí: https://open.spotify.com/episode/6HSL9TlXbYDgH6yjWA0apB?si=kJkgQPz_S2Or7AWx7keORw Bíonn Cian Ó Griallais le cloisteáil ar an bpodchraoladh  "An Spota Dubh"  le Cárthach Bán Breathnach, a dhéanann plé le himreoirí, iar-imreoirí, saineolaithe agus le lucht bainistíochta ar chúrsaí spóirt agus an CLG, ach go háirithe. Is féidir éisteacht le “An Spota Dubh” ar Spotify agus is fiú go mór é a leanacht ar Instagram @anspotadubh  agus ar  Twitter  @an_spotadubh

Na Podchraoltaí is fearr liom - Rónán

Is iomaí podchraoladh iontach atá ann na laethanta seo agus seo na cinn is fearr atá le fáil. 1. ‘The Joe Rogan Experience’ Is é an podchraoladh seo an podchraoladh is mó ar an domhan, le 300 milliún uaslodáil gach mí, is ardán ollmhór é seo. Bíonn go leor topaicí le fáil anseo cosúil le cúrsaí polaitíochta, agallamh le daoine cailiúla agus raithúla. Is féidir leis a bheith an-tromchúiseach nó tá sé in ann a bheith an-spraíúil. 2. ‘The Ben Shapiro Show’ Tá an podchraoladh seo bainteach go mór le cursaí polaitíochta. Labhraíonn sé faoin bpolaitíocht a bhaineann le cursaí domhanda, céard atá go maith don domhan agus ar ndóigh, céard nach bhfuil go maith. Thaitneodh an ceann seo go mór leat má thaitníonn an pholaitíocht leat. 3. ‘An Spota Dubh’ Más maith leat ag imirt spórt, gach seans go dtaitneoidh an podchraoladh seo leat, labhraíonn Cian agus Cárthach faoin CLG in Éirinn agus cursaí spóirt in Éirinn. Freisin, déantar agallamh le daoine a imríonn spóirt ag léibhéal proifisiúnta. 4. ‘Th

Ardán na Feóire ar Google Podcasts, RadioPublic agus ar Pocketcasts!

  Tá Ardán na Feóire le fáil anois ar Google Podcasts!  Éist lenár n-eagrán nua den phodchraoladh an tseachtain seo ar Spotify, Google Podcasts, Apple Podcasts agus ar Pocketcasts! https://www.google.com/podcasts?feed=aHR0cHM6Ly9hbmNob3IuZm0vcy8zZjlhYjBjMC9wb2RjYXN0L3Jzcw==

An éifeacht a bhí ag Joe Biden ar an stocmhargadh - Eoin

Toghadh Joe Biden mar uachtarán Mheiriceá an tseachtain seo caite agus tharla go leor ar an stocmhargadh mar gheall air seo.  Le linn an díospóireacht uachtaránachta idir Donald Trump agus Joe Biden, dúirt Joe go raibh pleannana aige chun fuineamh glan a spreagadh agus chun an vascín COVID-19 a fhorbairt. Nuair a toghadh Joe Biden ina uachtarán, léim praghas scarranna na gnólachtaí fuinneamh glan suas 5-10% i lá amháin, agus sa tseachtain sin, bhí cúpla ceann de na gnólachtaí fuinneamh gréine suas 20%. I dtearmaí airgeadais, is súntasach an méid é sin. Freisin,  d'ardaigh gnólachtaí leighis 10%. Chuaigh an gnólacht “pfizer” ó 35$ go dtí 40$ in aghaidh na scarranna. Is é sin le rá, thart ar 11% in aon lá amháin! Beidh níos mó eolais faoin stocmhargadh amárach.