Skip to main content

Posts

Showing posts from December 27, 2020

Margadh na Nollag - Cian

I mbliana bhí Margadh na Nollag ag ár scoil do bhliain na Gaeilge agus bhí seastán ag mo chairde agus mé ann. San alt seo táim chun dul tríd an méid a rinne muid? Conas a rinneamar é agus conas ar éirigh linn ar an lá! Ar dtús bhí orainn pleanáil cad ba cheart a dhéanamh. Bhí ort téama na Nollag a chur ar siúl agus cloí le rialacha Covid. Bhí ort iad a choinneáil gan lámh ar feadh 3 lá roimhe sin. Shocraigh muid dhá rud a dhíol. Málaí milseán le mála téamaí Nollag agus cón seacláide te le aghaidh Rudolph. Bhí pas Musgraves ag athair duine de na leaids agus chuamar ansin chun na milseáin a fháil. Chaitheamar timpeall 80 euro ar milseáin. Ansin chuamar go dtí siopa ealaíne chun na rudaí a fháil chun na fabhraí a mhaisiú. mar sin chuireamar na málaí agus na cóin le chéile. Rinne muid ár gcuid fógraíochta agus plean margaíochta uilig trí Ghaeilge ar ndóigh. Ar an lá níor dhíol muid mórán ar dtús ach tháinig feabhas air níos déanaí. Roimh dheireadh an lae bhí gach rud díolta amach againn. R

An bhfuil an vaicsín pfizer sabháilte? - Séimí

Margaret Keenan is ainm don chéad duine ar domhan chun an vaicsín pfizer a ghlacadh. Dúirt an bhean, a chasann 91 an tseachtain seo, gurb é an bronntanas is fearr a d’fhéadfadh sí a fháil. Bá é an chéad vaicsín amach as dáileog de 800,000. Tá níos mó ná 4,000,000 le bheith réidh roimh dheireadh na míosa. Thosaigh an Ríocht Aontaithe ag tabhairt an vaicsín don bhord sláinte agus do chuid mhór de na daoine os cionn 80. Tháinig nuacht le deanaí go raibh fórmhór de na daoine a raibh tar éis an vaicsín a ghlacadh tar éis fo-iarmhairtí a fháil ón vaicsín, míchompord atá i gceist. M.sh tinneas cinn, lámha pianmhar, tuirse, fiabhras agus fuacht. Tá an-chuid daoine ag smaoineamh arís faoin vaicsín seo a thógáil mar gheall ar na fo-iarmhairtí a bhaineann leis. I mo thuairim, ceapaim gur fiú an vaicsín a thógáil chomh luath is gur féidir agus rachaidh gach rud ar ais ar an gcaoi a raibh sé roimhe. Tá rialtas na hÉireann ag súil go mbeidh siad ábalta an vaicsín a thabhairt do dhaoine idir 65-70 ag

Réalt Nua na hÉireann - Caoimhín Kelleher - Cathal

Is cúlbáire proifisiúnta é Caoimhín Kelleher, imríonn sé ar son Liverpool. Rugadh é i gCorcaigh sa bhliain 1998. Tá Caoimhín Kelleher 22 bliain d’aois. Rugadh é ar an 23ú lá de mí na Samhna. Thosaigh sé ag imirt leis an gclub Ringmahon Rangers. D’imir sé mar thosaí nuair a bhí sé faoi 14 don fhoireann áitiúil Ringmahon Rangers. Bhog sé go Liverpool le linn an 15/16 séasúr. Bhí sé 17 bliain d'aois nuair a bhog sé go Liverpool. Thosaigh sé amach le na faoi u18 agus ansin chuiagh sé ar aghaidh go dtí na faoi 23 agus anois tá sé ar an bhfoireann sinsear. D’imir Caoimhín Kelleher 7 gcluiche proifisiúnta go dtí seo ar son Liverpool. Ceann amháin sa Premier League, ceann eile i Sraith na gCuradh , trí chluiche san EFL Corn agus dhá chluiche sa Chorn idirnáisiúnta na gCuradh. D’imir Caoimhín Kelleher do Liverpool i Sraith na gCuradh den chéad uair nuair a bhuaigh siad in aghaidh Ajax ar an Máirt seo caite agus dar le Jurgen Klopp gur “ceannaire iontach a bhí ann, cé go raibh sé níos óige n

Beatháisnéis Tiger Woods - Ross

Rugadh Eldrick Tont “Tiger” Woods ar 30ú lá do Nollaig 1975 i Cypress California. Nuair a bhí Tiger óg, d’fhás sé aníos in Orange County California .Bhí maide gailf i lámh Tiger roimh a bhí sé dhá bhlian d’aois. An fáth le sin ná a athair Earl Woods a raibh an-suim aige sa ghailf freisin agus d'imir sé gailf ag leibhéal amaitéarach ag imirt as bac gailf an-íseal. Nuair nach raibh Tiger ach trí blian d’aois bhí sé ar chár teilifíse i Meiriceá darbh ainm “The Mike Douglas Show” clár mar an gceanna leis an Late Late Show in Éirinn. Ar an gclár, bhí comórtas puttála ag Tiger agus Bob Hope, aisteoir iomráiteach ag an am.Ón lá sin i leith, bhí a fhios ag an domhan faoi Tiger Woods mar pháiste éachtach. Sna blianta ina dhiaidh sin, thosaigh Tiger ag feabhsú go mór .Nuair a shroich sé 15 bliain d'aois ba é an buaiteoir is oige riamhsa US junior Amateur Championship. Chuaigh Tiger ar aghaidh chun dhá US junior Amateur Championships eile a thabhairt leis.Go dtí an lá seo, is é fós an t-a

Mistéir Pas Dyatolov - Eimear

Sa bhliain 1959, tháinig daoine ar naonar siúltóirí marbh i sléibhte na Rúise. Tá a lán ceisteanna bainteach leis an gcás seo agus ceaptar gur cheill an rialtas é seo. Sa phostáil blaig seo, beidh me ag dul tríd roinnt de na comhcheilig a bhaintear leis an scéal seo. Bhí go leor taithí ag na siútóirí seo, agus bheadh sé an-ait dá dtarlódh aon rud dóibh. Meastar go bhfuair an naonar bás idir an 1ú nó an 2ú Feabhra. I rith na hoíche, gearradh iad amach as a bpuball agus ní raibh siad gléasta i gceart don aimsir fhuar. Ceaptar go raibh siad ag éalú ó rud éigin. Bhí blaosc scoillte ag duine amháin, bhí beirt le cliabhrach scoillte, bhí corp amháin gan súile agus ceann eile gan teanga. Bhí abhair radaighníomhach ar éadaí roinnt ar éadaí na coirpeanna. Tar éis gur tháinig an rialtas ar na coirpeanna, d’fhógair siad go bhfuair seisear bás de hypothermia agus an triúr eile de “fórsa nádúrtha an-láídir”. An chéad chomhcheilig a bheidh mé ag caint faoi ná infreafhuaim spreaghtha scaoll. Ceapann

Agóid Na Rinceoirí - Ceadigh

Nuair a chuaigh Érinn isteach in dianghlasáil i Mí an Mhárta, ní raibh cead damhsa nó aon spóirt eile oscailt mar bhí gach rud sa tír dúnta. Ansin athraíodh na srainta i Mí Bealtaine agus bhí tú in an dul 5k amach ó do theach don aclaíocht ach fós ní raibhaon damhsa nó aon spóirt eile oscailte. I Mí Iúil, áfach, bhí cead ag damhsa agus gach spóirt teacht ar ais. Ach ní raibh ansin ach tamall gearr mar ansin, bogadh an tír uilig ar ais go leibhéal 3. I leibhéal a trí bhí cead ag gach duine a spórt a imirt ach bhí cead ag peil, bhí cead ag cispheil, karate, gach rud, seachas damhsa. Tar éis leibhéal a 3,  bhí muid i ndianghlasáil do 6 seachtaine ach bhí peil fós in an traenáil ach fós raibh aon damhsa. Anois tá muid ar ais i leibhéal a trí agus tá gach spóirt in an go ar ais seachas damhsa, gleacaíocht agus Ioga. De bharr go raibh damhsa ar an t-aon spóirt nach raibh ag dul ar ais, ní raibh na scoileanna damhsa sásta. D'éagraigh damhseoir amháin, Adam Fogarty agóid do na rinceoirí ch

Léigear Jadotville - Barra

Ar an 3ú de Mheán Fómhair 1961, chuaigh 159 coimeádaithe siochána chuig ang Congó mar gheall ar thrioblóidí a bhí ann. Thar tréimhse 5 lá bhí na saighdúirí Éireannach ag troid in aghaidh 5,000 trúpaí. An léigear de Jadotville an t-ainm atá ar an eachtra seo. Bhí na coimeádaithe siochána ag rith amach as bia agus armlón ach níor seoladh athneartú dóibh chun cabhrú leo. Bhí siad leo fhéin. Throid siad síos go dtí an pílear deireanach agus tar éis é sin, rinne siad gléas pléascadh seiftithe as na sliogán ó na gunnaí. Ní raibh na saighdiúirí ag iarraidh géilleadh ach ní raibh an t-oifigeach i gceannas sásta chun ligint do aon saighdiúirí eile bás a fháil. Tar éis leanacht ar aghaidh ar feadh 5 lá, gan bia, armlón nó cabhair bhí orthu géilleadh. Tógadh na saighdiúirí mar phríosúnachaí cogaidh. Rinneadh trádáil de phríosúnachaí cogaidh ón gCongó le haghaidh na saighdiúirí Éireannacha. Tar éis an eachtra ar fad rinne Airm na hÉireann iarracht é a chuir i bhfolach. Sna hámmanna sin bhí sé ciot