Skip to main content

Mistéir Pas Dyatolov - Eimear

Sa bhliain 1959, tháinig daoine ar naonar siúltóirí marbh i sléibhte na Rúise. Tá a lán ceisteanna bainteach leis an gcás seo agus ceaptar gur cheill an rialtas é seo. Sa phostáil blaig seo, beidh me ag dul tríd roinnt de na comhcheilig a bhaintear leis an scéal seo.


Bhí go leor taithí ag na siútóirí seo, agus bheadh sé an-ait dá dtarlódh aon rud dóibh. Meastar go bhfuair an naonar bás idir an 1ú nó an 2ú Feabhra. I rith na hoíche, gearradh iad amach as a bpuball agus ní raibh siad gléasta i gceart don aimsir fhuar. Ceaptar go raibh siad ag éalú ó rud éigin. Bhí blaosc scoillte ag duine amháin, bhí beirt le cliabhrach scoillte, bhí corp amháin gan súile agus ceann eile gan teanga. Bhí abhair radaighníomhach ar éadaí roinnt ar éadaí na coirpeanna. Tar éis gur tháinig an rialtas ar na coirpeanna, d’fhógair siad go bhfuair seisear bás de hypothermia agus an triúr eile de “fórsa nádúrtha an-láídir”.


An chéad chomhcheilig a bheidh mé ag caint faoi ná infreafhuaim spreaghtha scaoll. Ceapann roinnt daoine go raibh patrún na gaoithe ghaoth in ann minicíochtaí infreafhuaime a chruthú a bhfuil ábalta  scaoll a chruthú i ndaoine. Tá seans an-bheag ann go raibh na fuaimeanna seo cruthaithe, ach má tharla é seo, thabharfaidh sé miniúchán ar an fáth go raibh an puball geartha oscailte agus an fáth gur fhág siad gan an t-éadach ceart orthu.



An dara comhcheilig coitianta a bheidh mé ag caint faoi ná ionsaí aimhithe. Ceaptar go bhfuil seans ann go ndearna aimhí cosúil le béar an damáiste. Ní thabharfaidh é seo miniú ar an ábhair radaighníomhach ar na coirpeanna, nó riocht na gcorp, ach tugann sé míniú ar an fáth go raibh an puball gearrtha oscailte. Fadhb eile leis an teoiric seo ná ní bhíonn aimhithe sa phas dyaltolov go minic mar gheall níl go leor plandaí ann, mar gheall ar seo ní bhíonn aimhithe ann.


An chomhcheilig dheireanach a bheidh mé ag caint faoi ná baint rialtas. Ceaptar go tháinig na siúltóirí ar tástáil míleata. Thabharfadh sé seo míniú ar an ábhair radaighníomhach a tháinig siad ar na coirp agus an fáth gur chlúdaigh an rialtas é seo suas. Ní thugann sé seo miniú ar an bpuball áfach, nó an fáth go raibh na coirpeanna sa riocht ina raibh siad. Fresin, tá seans ann gur clúdaigh an rialtas é suas mar gheall go raibh sé i rith an chogadh fuar agus ní raibh siad ag iarraidh breathnú lag.

Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.