Skip to main content

Posts

Showing posts from February 21, 2021

An hÁiteanna is fearr liom - Alexandra

Chuaigh mé go dtí an Spáinn, Sasana, Páras agus an Phortaingéil. Chuaigh mé go Sasana chun m’aintín a fheiceáil atá ina cónaí thall ansin. Is í an Spáinn an áit is fearr liom a ndeachaigh mé ann mar bhuail mé le duine nua ansin agus an bheirt againn inar gcairde maithe. Rachainn féin agus í go dtí na linnte snámha le chéile agus rachadh muid go dtí an siopa trasna ón áit.   Thaitin Sasana liom freisin mar d'éirigh liom m'aintín a fheiceáil agus ba é mo chéad uair thall ansin agam. Chuamar go dtí go leor áiteanna agus chonaiceamar go leor rudaí. Chuamar ag siopadóireacht go leor agus is áit chairdiúil í do mhadraí iad agus mar sin d'iompar mé madra m'aintín trí na siopaí éadaí liom i mála beag madraí mar gur gur madra beag í. Nuair a bhí mé i bPáras, d’fhan muid ag páirc Disney agus chuamar ar na turais go léir ansin. Chuamar suas an túr Eiffel agus chonaiceamar go leor de Pháras agus chuamar ag siopadóireacht timpeall ansin agus chuamar ar thuras báid áit a bhfaca muid

Na margaí is fearr ar Fut Champions FIFA 21 - Cian

Seo liosta de na himreoirí is fearr don phraghas is fearr ar Ultimate Team ar Fifa 21 do Fut Champions dar liom.  Níor phioc mé ach imeoirí atá úsáidte agam sa chluiche. Má tá aon smaointe difriúl agatsa, ba bhreá liom iad a chloisteáil sna nótaí tráchta thíos! 1. Cúl báire - David de Gea Ní chóir duit mórán airgid a chaitheamh ar chúl báire mar níl mórán eatharthu. Phioc mé De Gea mar gheall ar an bpraghas íseal, Ar 12k, faigheann tú duine atá ar cheann de na cúil báire is fearr sa chluiche ar phraghas i bhfad níos saoire. 2. Cosantóir - Sergio Ramos Déanann go leor daoine neamhaird a thabhairt ar Sergio Ramos de bharr a easpa luais. Ach le bheith ionraic, úsáideann mé é le Joe Gomez agus níl mórán eatharthu cé gurb é Gomez ceann de na cosantóirí is cotianta de bharr a luas. Níl mórán difríocht praghais eatharthu agus tá Sergio Ramos i bhfad níos fearr mar chosantóir. 3. Lár na páirce - Allan Tá allan ag imirt an-stuif go deo an bhliain seo ar FIFA. Is CDM íontach é lena ghreamú agus

Tuirseach ag cuartú cláir nua ar Netflix? - Niall

Is treoir é seo faoi na cláir is fearr a bheidh ag teacht amach sna míonna atá le teacht. 1. ‘Top Boy’ séasúr 2. Is dráma coireachta é a chruthaigh Ronan Bannett. Is sraith é Top Boy faoi mhangaire drugaí i London. Tá siad ag lorg cumhacht ar sráideanna Londain ach tá a thóir d’airgid agus cumhacht curtha faoi bhagairt ag déagóirí óga. Tá an dara séasúr ag teacht amach go luath sa bhliain 2021. 2. ‘Narcos’ séasúr 4 Sraith teilifíse drámaíochta coireachta Meiriceánach é Narcos a chruthaigh agus a léirigh Chris Brancato, Carlo Bernard, agus Doug Miro. Is sraith é faoi scéal Pablo Escobar agus conas a rinne sé na billiúin ag díol cócaoin. Le sin, tá sé bunaithe ar a thitim agus conas gur gabhadh é. Tá an ceathrú séasúr le teacht amach thart ar samhradh 2021. 3. ‘Outer banks’ séasúr 2 Is sraith mheiriceánach é seo a chruthaigh Josh Pate, Jonas Pate agus Shannon Burke. Tá sé faoi ghrúpa dhéagóirí atá ag lorg $400 milliúin d’ó agus, chomh maith leis sin, tá an príomhcharactar John B, ag lorg

Bóithrín na Smaointe - Eve, Aisling & Caoimhe O

  An Samhraidh ·      Le linn an tsamhraidh, chuamar síos go Loch Gorman ar feadh cúpla seachtaine. D’fhan muid i dteach soghluaiste Eve a bhí díreach dhá nóiméad ón trá. Chuamar ann chuile lá le dul ag snámh agus chun spraoi a bheith againn. ·      Is aoibhinn linn ar fad ag snámh san fharraige agus ag léimt  ón gcéibh. Is breá leis an triúr againn a bheith ag snámh agus go hiondúil, tá sé deacair muid a fháil amach a s an bhfarraige! ·      Nuair a bhí an ghrian ag taitneamh fuair muid uachtar reoite chun téimh síos. ·      Chomh maith le sin, chuamar ag iascaireacht portán sna trathnóntaí le  píosa spraoi a bheith againn. Chuir muid na portáin ar ais san fharraige ag an deireadh. ·      Nuair nach raibh muid ag snámh bhain muid sult as ag a bheith surfáil, clármharcaíocht gaineamh agus ag cadhcáil. ·      Freisin, rinne muid bolg le gréin ar an trá. Rinne muid cinnte uachtar gréine a chur orainn de bharr go raibh teas na gréine chomh láidir sin agus ní raibh muid ag iarr

Cúrsa Podchraoltóireachta - Aisling

An tseachtain seo ghlac mé páirt i gcúrsa podchraolta le roinnt daoine eile i mo bhliain. Bhí orainn páirt a ghlacadh Dé Luain agus Dé Máirt ó naoi go haon sa bhaile ar Zoom. Ní raibh mé ró-shásta leis an gcúrsa ar dtús díreach toisc nach raibh a fhios agam cad a bhí le tarlú agus an cinéal oibre a bheadh á dhéanamh. Nuair a chuaigh mé chuig an gcruinniú, áfach, bhain mé an-taitneamh as. D’fhoghlaim mé conas podchraoladh a chruthú agus conas ceol a chur ar an bpodchraoladh. Bhí cuid de seo déanta agam roimhe seo ar Ardán na Feóire leis an rang. Bhí orm mo phochroaoladh féin a chruthú freisin agus dúradh linn podchraoladh a dhéanamh ar chúig cinn de na rudaí is fearr linn faoi aon rud is maith linn. Phioc mé an topaic ‘na cúig scannán Marvel is fearr liom’ mar is breá liom na scannáin sin. Scríobh mé an Script agus ansin bhí orm mo ghuth a thaifeadadh do mo phodchraoladh. Sílim gur tháinig sé amach go hiontach ar deireadh agus bhain mé an-taitneamh as an gcúrsa.

Praghas Stoc Tesla ag athrú - Eoin

Ar an 29ú de Dheireadh Fómhair, d'ísligh praghas stoc stoic Tesla síos go dtí 390$ agus anois tá sé ar ais thuas 599$. I dtréimhse de mhí agus seachtain, tá an praghas tar éis ardú 209$. Cad í an chúis leis seo? Ar an gCéadaoin seo caite, scaoil Tesla a gcuid brabúis de Q3 2020 agus bhí sé níos fearr ná a bhí infheisteoirí Wall Street ag súil le. I 2020 d’fhás ioncam an ghnólachta 39% go  8.8 billiún. Ag tús na bliana seo, bhí praghas stoc tesla ag 80$ agus anois tá sé chun a bheith níos mó na 600$ roimh dheireadh na bliana. Is carr nua é an Tesla Model Y agus is carr teaghlaigh é le spás do 7r duine. Is é an chéad charr ó Tesla le spás do seachtar. Tá lán-luais de 241km/h le cadhnra de 505 kiloméadar aige ach faraor, níl an carr ar díol go fóill ach tá go leor daoine ag súil go mór leis an gcarr seo.

Rudaí Dodhearmadta Taistil - Eve

Cé go bhfuil muid sáinnithe faoi láthair ag srianta Covid-19, seo cúpla rud gur féidir linn a dhéanamh nuair atá an saol agus an domhan ar ais mar a bhí! Tá domhan iontach mór amuigh ansin agus tá liosta mór fada ag chuile dhuine maidir le céard ar cheart dóibh a dhéanamh nó a fheiceáil. Seo roinnt rudaí le cur leis an liosta fadálach sin:  1. Snámh sa 'Blue Lagoon' san Íoslainn. 2. Bíodh bricfeasta ar uisce agat i mBali. 3. Fán ar bharr an uisce sa Mhuir Mharbh. 4. Taisteal chuig Singapore agus cuairt a thabhairt ar an linn snámha éigríoch 'Marina Bay Sands'. 5. Bíodh crêpe agat faoi an Túr Eiffel. 6. Lán do chuid súil a bhaint as an radharc ó dheilbh mhór 'Christ the Redeemer' i Rio de Janiero.