Chuaigh mé go dtí an Spáinn, Sasana, Páras agus an Phortaingéil. Chuaigh mé go Sasana chun m’aintín a fheiceáil atá ina cónaí thall ansin. Is í an Spáinn an áit is fearr liom a ndeachaigh mé ann mar bhuail mé le duine nua ansin agus an bheirt againn inar gcairde maithe. Rachainn féin agus í go dtí na linnte snámha le chéile agus rachadh muid go dtí an siopa trasna ón áit.
Thaitin Sasana liom freisin mar d'éirigh liom m'aintín a fheiceáil agus ba é mo chéad uair thall ansin agam. Chuamar go dtí go leor áiteanna agus chonaiceamar go leor rudaí. Chuamar ag siopadóireacht go leor agus is áit chairdiúil í do mhadraí iad agus mar sin d'iompar mé madra m'aintín trí na siopaí éadaí liom i mála beag madraí mar gur gur madra beag í. Nuair a bhí mé i bPáras, d’fhan muid ag páirc Disney agus chuamar ar na turais go léir ansin.
Chuamar suas an túr Eiffel agus chonaiceamar go leor de Pháras agus chuamar ag siopadóireacht timpeall ansin agus chuamar ar thuras báid áit a bhfaca muid an Noter Dame. Nuair a chuamar go dtí an Phortaingéil, d’fhanamar i dteach ollmhór agus bhí an linn snámha féin againn dúinn féin. Tá an teach ag cara teaghlaigh agus mar sin, lig sé dúinn fanacht ann ar feadh seachtaine agus bhí sé chomh te agus grianmhar.
Comments
Post a Comment