I mbliana, chuaigh grúpa mac léinn go Binn Éadair leis an scoil chun imeachtaí a dhéanamh san Idirbhlian le haghaidh bliain na Gaeilge ón ETBI.
D'fhág muid an scoil go luath ar maidin ar bhus agus thug an bus muid chun an bhaile, agus is ansin bhíomar ag súil leis an tsiúlóid 3.5 míle go teach solais Bhinn Éadair agus ar ais arís chun an bhaile. Bhí an tsiúlóid cineál deacair ach bhain mé taitneamh as mar bhí mé le mo chairde.
Bhíomar ag caint agus ag gáire an bealach ar fad. Nuair a shroicheamar ar ais sa bhaile bhí cead againn le breathnú timpeall orainn féin agus bia a fháil. Fuair mo chara eile agus mé fhéin sceallóga, bhí siad an-bhlasta ach is beag nár ionsaíodh muid do na sceallóga ag na faoileáin. Ach sa deireadh, bhíomar ar ais ar an mbus ag taisteal ar ais ar scoil, sásta ach tuirseach.
Comments
Post a Comment