Skip to main content

Posts

Showing posts from November 1, 2020

6 rud le déanamh an Fómhar seo - Caoimhe C, Rachel & Kate

  An bhfuil leadrán ort? An bhfuil an iomarca ama agat? Seo 6 rud gur fédir leat a dhéanamh sa bhaile chun sult a bhaint as Fómhair 2020. 1.    Bacáil/Cócaireacht: Gach Deireadh Fómhair is aoibhinn linn a bheith ag bácáil rudaí le téama Oíche Shamhna, go háirithe an bhliain seo le dianghlasáil. Is e seo liosta de trí oidis bhlasta d'Oíche Shamhna le triail: https://www.odlums.ie/recipes/halloween-cupcakes/ https://www.bbc.co.uk/food/recipes/scary_halloween_cookies_86970 http://allrecipes.co.uk/recipe/858/pumpkin-loaf-cake.aspx                                                   2.    Ealaín: Gach Oíche Shamhna cuirann daoine maisiúcáin ar a dtithe. Is féidir leat do theach a mhaisiú le maisiúcháin bhaile-déanta!       Seo cúpla sampla le haghaidh maisiúcháin difriúla: https://www.ribbonsandglue.com/button-bats.html#.V8jAJfkrK5g https://www.somewhatsimple.com/wp-content/uploads/2016/09/CraftStick_Spiderwebs-e1474850527512.jpg ]                                  

An bhfuil leadrán ort? An bhfuil atmaisféar na Nollag uait? - Eimear

  An bhfuil leadrán ort? An bhfuil tú ag lorg an t-atmaisféar Nollag sin? Bhuel, má tá, seo an postáil duitse! Is breá liomsa agus mo chlann a bheith féachaint ar scannáin Nollag chuile bhliain. Ba mhaith liom roinnt de mo scannáin na Nollag is fearr a mholadh dhaoibh. An chéad scannán, ar ndóigh, ná Home Alone. Seo, go pearsanta an scannán Nollag is fearr liom, tá seans ann go bhfuil mé beagánín claonta don scannán seo! Is scannán grinn é Home Alone faoi bhuachaill darbh ainm Kevin. Fágann a chlann é sa bhaile nuair a théann siad ar laethanta saoire. Bíonn go leor spraoi aige leis féin ach ansin déanann beirt ghadaí iarracht a teach a ghoideadh. Chun é seo a stopadh, déanann sé roinnt cleasanna chun iad a ghabháil. Is scannán greannmhar agus ó chroí é. An dara scánnán atá le moladh agam ná The Nightmare Before Christmas. Is scannán beochana é seo a rinne Tim Burton. Tá sé faoi chreathlach darbh ainm Jack Skellington a chónaíonn i Halloween Town, agus nuair a thagann sé ar Christmas to

3 Scil nua le foghlaim le linn an Gheimhridh - Barra

Má tá leadrán ort an geimhreadh seo agus do dhóthain fáighte agat do Netflix agus Amazon Prime, seo cúpla rud gur féidir leat a dhéanamh chun do chuid ama a chaitheamh ar bhealach níos éifeachtaí. 1 Conas uirlis ceoil nua a chasadh  Má duine thú a thaitníonn ceol na Nollag leat, seans go mbeadh ionadh an domhain ort, ach d'fhéadfadh tusa a bheith á chasadh! Déan iarracht teacht ar uirlís ceoil a thaitníonn leatsa agus buail faoi! 2 Scil an Ghrinn Tá a fhios ag madraí an bhaile go mbíonn éifeachtach mhór ag duine greannmhar ar atmaisféar cóisire. Más le scéal greannmhar nó le haithris, tá neart bealaí ann gur féidir leat tú féin a chur i lár an aonaigh do chóisir na Nollag i mbliana. 3 Machnamh Creid é nó ná creid, tá machnamh ar cheann de na cleachtais is fearr le haghaidh do shláinte mheabhrach. Tá neart buntáistí bainteach le machnamh, mar shampla: an ábaltacht díriú ar chúrsaí níos fearr, mothúcáin diúltacha a laghdú agus an ábaltacht cuimhnithe a fheabhsú.

An bhfuil suim agat i gcúrsaí aclaíochta? - Eoin & Sam

  An bhfuil suim agat i gcursaí aclaíochta? Ma tá, tá tú san áit cheart! Is mise Eoin, agus tá mé féin agus mo chara Sam, chun ár bpléan aclaíochta a roinnt libh. I rith an  tsaimhraidh, bhí go leor am saor agam agus bhí mé ag iarraidh rud éicint suimiúil agus cruthaitheach a dhéanamh leis an am sin. Chuir mé plean aclaíochta le chéile agus táim fós á leanúint inniú. An sprioc a bhí agam ná chun níos mó matán a chuir ar mo choirp agus bhí sé i gceist amach chun bia níos folláine a ithe fresin. Corpfhorbairt is ainm on chineál aclaíochta seo. Más mian leat an rud céanna liomsa a dhéanamh, coiméad ag léamh!   An chéad rud a bhí orm a dhéanamh ná na cumaisc dreas traenála a fhoghlaim: Sin le rá an t-ardú chun leise, ardú ó bheinse agus ar ndóigh, gróigeadh. Ar dtús bhí deacrachtaí agam leo ach mar aon le sport ar bith, chuaigh mé i dtaithí orthu orthu tar éis cleachtadh. An cumais dreas traenála ab fearr liom na an t-ardú chun leise. Nuair a thosaigh mé bhí mé in ann 90kg a dhéanamh