An bhfuil leadrán ort? An bhfuil tú ag lorg an t-atmaisféar Nollag sin? Bhuel, má tá, seo an postáil duitse!
Is breá liomsa agus mo chlann a bheith féachaint ar scannáin Nollag chuile bhliain. Ba mhaith liom roinnt de mo scannáin na Nollag is fearr a mholadh dhaoibh.
An chéad scannán, ar ndóigh, ná Home Alone. Seo, go pearsanta an scannán Nollag is fearr liom, tá seans ann go bhfuil mé beagánín claonta don scannán seo! Is scannán grinn é Home Alone faoi bhuachaill darbh ainm Kevin. Fágann a chlann é sa bhaile nuair a théann siad ar laethanta saoire. Bíonn go leor spraoi aige leis féin ach ansin déanann beirt ghadaí iarracht a teach a ghoideadh. Chun é seo a stopadh, déanann sé roinnt cleasanna chun iad a ghabháil. Is scannán greannmhar agus ó chroí é.
An dara scánnán atá le moladh agam ná The Nightmare Before Christmas. Is scannán beochana é seo a rinne Tim Burton. Tá sé faoi chreathlach darbh ainm Jack Skellington a chónaíonn i Halloween Town, agus nuair a thagann sé ar Christmas town, bíonn sé ag iarraidh Nollaig a cheiliúradh ach ní théann sé ró-mhaith. Is ceoldráma é freisin. Tá mothúchán an-difriúl ag an scannán seo agus is scannán Nollag maith le féachaint air muna dtaitníonn an stíl scannáin Nollag traidisiúnta leat.
An triú scannán a mholaim duit ná It’s a Wonderful Life. Is scannán clasaiceach Nollag é seo. Tá sé faoi fear atá ag dul léimt ó dhroichead ach ansin déanann a aingeal coimhdeachta cinneadh é a shabháil. Taispeánann a aingeal na rudaí maithe a rinne sé ina shaol agus an cuma a bheadh ar an bhaile féin muna mbeadh sé ann. Spreagann an scannán seo dóchas i ndaoine agus tá sé go hiontach.
Go raibh maith agat as ucht an post seo a léamh, tá súil agam go bhain tú taitneamh as!
Comments
Post a Comment