Skip to main content

Posts

Showing posts from December 6, 2020

Madraí - Leah & Eimear

An bhfuill suim agat i madraí? Tá seo an postáil blag duitse! Is muidne Leah agus Eimear agus beidh muid ag scríobh post blag le chéile. Is postáil é seo faoi ár madraí. Leah anseo! Fuair mé mo mhadra i rith coraintín. George is ainm dó. Is zuchon é George - meascán idir síotsú agus meascán catach. Is maith liom a bheith ag dul ar súilóid le George. Tá cóta báistí dearg aige do nuair atá sé ag cur báistí agus d' Oíche Shamhna, beidh sé ag gléasadh suas mar Batman.  Tá George 7 mí d’aois. Tá fionnadh dubh agus bán aige le strící beaga liath freisn. Tá go leor cleasanna ar eolas ag George cosúil le suí síos, luí síos, craith lámha, 5 ard, fán, féach, tar, súil, leagan agus faigh. Ta mé i lár múineadh dó conas rothlú a dhéanamh. Ta George i gcónaí ag rith timpeall nó ag baint greim as cnámha éagsúla.  Is breá leis nuair a bhíonn tú ag cuimil a bholg nó taobh thiar de a chluasa. Tá deirfúir George ag m'aintín agus tá sí bliain níos sine ná é. Coco is ainm di agus tá fionnadh bán ai

Teoiricí maidir le heitilt aerlíne Mhalaeisia 370 - Rachel

Gach seans gur chuala tú trácht ar eitilt Mhalaeisia 370 a chuaigh ar iarraidh sa bhliain 2014 agus é ag taisteal ó aerfort idirnáisiúnta Kuala Lumpur go dtí aerfort idirnáisiúnta caipiteal Béising. Is scéal aisteach é seo agus tá go leor teoiricí foilsithe maidir le céard a tharla don eitleán agus don 227 paisinéir agus 12 criú a bhí ar bhoird. An áit dheireanach a deirtear go raibh trácht ar an eitleán ná sa Mhuir Andaman ag 2:15, ar radar míleata, 320 km aniar aduaidh d'oileán Penang. Fós go dtí an lá atá inniú ann, níor tháinig aon duine ar an eitleán agus níl a fhios againn cad a tharla dó, ach is 3 theoiric é seo maidir le céárd a tharla d'eitilt Mhalaeisia 370 an oíche sin. 1. Eitleáin taibhsí. Deirtear gur tharla díbhrú tobann sa chábán agus gur thimpiste a bhí ann. Ceaptar go raibh Captaen Shah ar briseadh ag an am  le co-phíolóid Fariq Abdul Hamid ag treorú an aerlíne .Ciallaíonn sé seo gurb é an t-aon duine fágtha beo ag eitilt an eitleáin leis féin sula tharla an ti

Cluiche Leath-cheannais Peile na mBan 2020 - Abby

Cluiche den scoth a bhí ann ar an 6ú lá de mhí na Nollag 2020 idir Ghaillimh agus Corcaigh. Bhí Baile Athá Cliath tar eis áit a bhaint amach sa chraobh don seachtú bliain as a chéile. Ach anois, bhí sé in am fáil amach cé a bhí siad ag teacht suas ina n-aghaidh.  Faraor, bhí ar na mná ionad a athrú go Páirc an Chrócaigh mar gheall go raibh Páirc Parnell reoite agus is beag ama a bhí acu é seo a dhéanamh. Fuair Corcaigh an chéad chúl don chluiche ach ní shin  an t-aon ceann mar tháinig siad ar ais leis an dara cúl agus bhí Gaillimh fós gan cúl agus níor athraigh sé sin mar bhí Corcaigh ag cur go leor brú orthu, ní raibh Gaillimh in ann an cúl a fháil. Ní raibh a lán idir na foirne ag leath ama le 2-05 ag Corcaigh go 0-04 ag mná na Gaillimhe. Ach nuair a shéid an réiteoir an fheadóg deireanach, bhí Corcaigh tar éis an áit chiniúnach sin a bhaint amach. 2-17 go 0-13 a bhí sa scór deiridh.

Taithí Oibre - Luke

Le coicís anuas, ní dhearna mé aon phostáil ar ár mblag mar gheall go raibh mé thar a bheith gnóthach agus mé ag obair ar thaithí oibre. Bhí roinnt deacrachtaí áit a fháil chun mo thaithí oibre a dhéanamh de bharr go raibh dianghlasáil ar siúl agus muid amuigh ach d'éirigh liom áit a fháil i Spar i Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara. Bhí orm a bheith ag obair óna 9 ar maidin go dtí a 2 a chlog san iarnóin ó Luan go hAoine. Ach, ní raibh sé ró-dheacair mar táim cleachtaithe a bheith ar scoil ag 8:30 do dtí a 3:30. Is iomaí post a bhí le déanamh agam ar thaithí oibre ach den chuid is mó, bhí orm na tairgí ar fad a chur ar na seilfeanna agus mar sin, bhí mé i gcónaí gnóthach. Ag deireadh na coicíse, íocadh mé le €100 agus níos tábhachtaí fós, thairg siad post páirtaimseartha dom.

Éabhlóid na Taiscéalaíochta sa Spás - Sam

Faoi dheireadh an phostáil blag seo, beidh go leor eolais agaibh ar an spástaiscéalaíocht. Seoladh an chéad duine sa spás sa bhlian 1961, Yuri Gagarin a bhí air agus rinne sé eitilt fithisiúl ar feadh 108 nóiméad sa spásárthach Voltok-1. Ón am sin, rinneadh go leor forbartha ar an spástaiscéalaíocht ar nós stáisiún spás, ruaigirí spás agus spásteileascóp.  Tháinig go leor forbartha ar teicneolaíocht spáis tar éis an rás spás mar bhí na Rúisigh agus na Meiriceánaigh ag obair le chéile in ionad ag déanamh comórtas. Bhí ríomhairí níos fear ag na meiriceánaigh agus bhí roicéad na rúisigh níos feafr agus roinn sin an eolas sin eatarthu chun roicéadí níos fearr a chruthú don lá atá inniú ann. Píosa teicneolaíochta eile a úsáidtear inniú ná ruagairí. Seoltar ruagairí go dtí an Ghealach agus plainéid eile or nós Mars. Bíonn siad ansin chun tástáil a dhéanamh ar an aeráid agus an ithir atá ann. Fuair an ruagaire “Opportunity” bás i 2018 tar éis 14 bliain tar éis a bheith ar an bplainéad Mars. É

Podchraoladh #3 - Agallamh le Tomás Mac Conmara - Aisling, Conor, Jenny, Ronán

S an eagrán seo de Phodchraoladh Ardán na Feóire, atá mar pháirt de Bhliain na Gaeilge ón ETBI, labhraíonn muid le Tomás Mac Conmara ó Mac Conmara Consulting.  Is údar agus staraí é Tomás Mac Conamara le saineolas ar an tréimhse ó 1916 go 1923 in Éirinn. Ar chuid de na leabhair atá foilsithe ag Tomás ná  "High Prestige, The Story of Clare's All Ireland Hurling Champions of 1914", "Days of Hunger, The Clare Volunteers and the Mountjoy Hunger Strike of 1917" agus "The Time of the Tans", atá bunaithe ar os cionn 400 taifeadadh pearsanta le seanóirí maidir le Cogadh na Saoirse.   Dúirt Ryan Tubridy ón Late Late Show agus é ag trácht ar an leabhar The Time of the Tans gur cheart "go mbeadh sé le fáil i ngach leabharlann scoile timpeall na tíre. Tá go leor iarrachta, go leor ama, mothúcháin agus dua acadúil" sa leabhar. Is féidir éisteacht leis an bPodchraoladh ar Spotify, Google Podcasts, Apple Podcasts agus ar go leor nach iad. https://open.spoti

#2 - Na scannáin Marvel is fearr - Jenny

Seo anois an dara leath de na scannáin Marvel is fearr liom. An tseachtain seo caite, chuaigh mé ó uimhir a 20 go 11 agus seo na scannáin is fearr a d'éisigh Marvel le blianta beaga anuas. 1. Captain America  Is é seo an scánnán Marvel is fearr liom mar gurb é seo an chéad scánnán a chonaic mé ar sa phictúirlann. Taitníonn an scánnán seo go mór liom nar gheall ar an teannas agus an scéal atá ag haint leis, freisin is é an carachtar is fearr liom an ‘Peggy Carter' agus tá sí sa scannán seo. 2. Captain America : Civil War  Is breá liom an scánnan seo mar tá beagnach gach carachtar ann , ba é chomh maith an chéad uair a chonaic muid cé hé an Spider Man nua. Is scánnán iontach greanmhar é seo chomh maith. 3. Avengers : Infinity War  I mo thuairim, is é seo ann scánnán is brónaí. Bhúaigh an scánnan seo an scánnán aicsin is fearr in 2018 agus aontaím go mór leis. Tá an scánnán seo fíorbhrónach ach fós taitníonn sé go mór liom. 4.Avengers : End Game  Is scánnán brónach é seo freisin m