Gach seans gur chuala tú trácht ar eitilt Mhalaeisia 370 a chuaigh ar iarraidh sa bhliain 2014 agus é ag taisteal ó aerfort idirnáisiúnta Kuala Lumpur go dtí aerfort idirnáisiúnta caipiteal Béising. Is scéal aisteach é seo agus tá go leor teoiricí foilsithe maidir le céard a tharla don eitleán agus don 227 paisinéir agus 12 criú a bhí ar bhoird. An áit dheireanach a deirtear go raibh trácht ar an eitleán ná sa Mhuir Andaman ag 2:15, ar radar míleata, 320 km aniar aduaidh d'oileán Penang. Fós go dtí an lá atá inniú ann, níor tháinig aon duine ar an eitleán agus níl a fhios againn cad a tharla dó, ach is 3 theoiric é seo maidir le céárd a tharla d'eitilt Mhalaeisia 370 an oíche sin.
1. Eitleáin taibhsí.
Deirtear gur tharla díbhrú tobann sa chábán agus gur thimpiste a bhí ann. Ceaptar go raibh Captaen Shah ar briseadh ag an am le co-phíolóid Fariq Abdul Hamid ag treorú an aerlíne .Ciallaíonn sé seo gurb é an t-aon duine fágtha beo ag eitilt an eitleáin leis féin sula tharla an timpiste.
“Bheadh an cailliúnt tobann de ocsaigin an rud a mharaigh na paisinéirí agus an criú laistigh de 15 nóiméad , ach bhí Hamid inslithe ó na hiarmhairtí is measa i gcró an phíolóta.”
Deirtear go bheadh intinn Hamid, (gan i ndóthain ocsaigin), ag déanamh cinntí aisteacha agus léiríonn sé seo an cúrsa chorr a thóg an eitleáin tar éis di cailliúnt teagmháil agus roimh a chuaigh sí isteach san aigéan Indiach.
2. Rinne an criú féinmharú
Teoiric eile atá ann ná go rinne an criú féinmharú .Tá an teoiric seo dírithe ar phíolóid Zaharie Ahmad Shah go háirithe.Tá an teoiric seo ann mar bhí a ionsamhlóir eitilte féin ag píolóid Shah sa bhaile agus nuair a chuaigh an FBI trí shonraí an ionsamhlóir tháinig siad ar rud an-amhrasach.Bhí duine tar éis an gléas a úsáid chun cúrsa a phlotáil go dtí Deisceart an t-Aigéan Indiach an áit a chreideann siad gur tuairteáil an t-eitleáin caillte. Scrios an duine an t-eolas seo ón ghléas ach bhí an FBI in ann an t-eolas a aisghabhadh. Freisin deirtear gur chleachtadh Shah ag eitilt go dtí gur rith sé amach as breosla os cionn Deisceart an tAigéan Indiach.
3. Tharla fuadach
Teoiric eile ná gur phlean ghníomhairí Iosraelach chun an eitleáin a thuairteáil isteach i bhfoirgneamh ar nós 9/11 ansin bhí siad chun an milleán a chur ar an Iaráin.Tá bonn leis an teoiric seo mar bhí beirt náisiúnaigh Iosraelach ag taisteal ar an eitleáin le passanna cruthaithe agus deirtear gur rinneadh dochtúireacht ar na híomhá CCTV a bhí eisithe den bheirt.
Comments
Post a Comment