Skip to main content

Posts

Showing posts from January 3, 2021

Kendall Jenner - An Scannal is mó #1 - Leah

An gcuimhin leatsa an fógra Pepsi ó 2017? Deirtear gurb é an rud is measa riamh a rinne  Kendall Jenner agus beidh mé ag roinnt mo chuid saineolais libh faoin scannal sin inniu. Is sármhainicín í Kendall Jenner. Rugadh í i 1995. Bhain sí cliú agus cáil amach ón gclár ‘ Keeping Up With The Kardashians’, clár réalaíoch a rith ó 2007 agus atá ar an tsraith dheireanach i mbliana. Ar an seó, feiceann muid Kendall ag dul ag obair ó aois an-óg. Ta sí tar éis siúl i go leor seóanna faisin agus is í Jenner an príomhdhuine  Adidas Originals agus ProActiv+.   Ach i 2017 ghlac Jenner páirt i bhfógraíocht don branda deoch bog , Pepsi, agus bhi go leor frithradadh ann nuair a chuaigh an fhógra timpeall ar líne. Is é scéal an fhógra ná go raibh Jenner ag obair agus go raibh griangrafadóir leí. Feiceann an bheirt agóid mhór taobh amuigh den fhuinneog. Téann Jenner amach agus tuhann sí faoi ndeara gur agóid don ghluaiseacht ‘ Black Lives Matter’ atá ann.  Faigheann Jenner canna pepsi, súileann sí suas

Oideas do Bhrioscaí deasa sa bhliain nua - Abby

 Seo oideas simplí le haghaidh brioscaí a bhíonn againn sa bhaile. Déanann muid iad i rith na Nollag ach go minic, bíonn siad againn le linn Mhí Eanáir chomh maith mar tá siad go hálainn! · 150g im · 80g siúcra donn · 80g siúcra mín/gránaithe · 2tsp úscra fanaile · 1 úbh mór · 225g plúr · ¼ tsp salann · 200g sceallaí seaclaide · ½ tsp décharbónáit sóidiam Tá sé seo thar a bheith simplí, ach lean an modh! · Téigh an oigheann go dtí 180C agus líon 2 trádaire bácala le páipéar bácala. · Cuir an im agus an siúcra go leir isteach i mbabhla mór agus measc go dtí go bhfuil sé uachtarúil. · Nuair atá an siúcra agus im réidh, cuir isteach an úbh agus am úscra fanaile. · Craith an plúr , décharbónáit sóidiam agus salann isteach sa bhabhla le spúnóg adhmaid. · Caith isteach an seaclaid agus measc go dtí go gceapann tú go bhfuil siad sa mheascán go léir. · Úsáid spúnóg tae chun scúp beag don mheascán a chuir amach go cothrom ar an trádaire bácala. Beidh timpeall 30 briosca san oideas seo. · Cuir é

Féile Longitude 2021 - Cathal

  Féile Longitude 2021 Is féile ceoil í Longitude a bhíonn ar siúl i Mí Iúil gach bliain i mBaile Átha Cliath. Thosaigh an fhéile i 2013 agus tá sé ar siúl i Marlay Park chuile bhliain. Téann thart ar 40,000 duine ann chuile bliain chun éisteacht leis na hamhránaithe ar fad. Bíonn sé ar siúl ar Dé Aoine, Dé Sathairn agus ar an  Domhnach. Tagann ceoltóirí ó ar fud an domhain ann chun a gceoil a sheinnt. Don chéad uair riamh chuir siad Féile Longitude ar ceall i 2020 de bharr Covid19. De ghnáth, bíonn na ticéidí imithe taobh istigh de 15 nóiméad. Caithfidh tú a bheith 16 bliain d’aois nó níos sine chun freastal ar Longitude. I mbliaina tá Féile Longitude le bheith ar siúl ar an dara lá do mí Iúil agus críochnaíonn sé ar an gceathrú lá de mhí Iúil.  Cosnaíonn ticéad 90 euro do lá amháin agus cosnaíonn sé 220 euro chun freastal ar Longitude don trí lá. Beidh amhránaithe ar nós Kendrick Lamar, AJ Tracey, Jay1 agus Polo G. De ghnáth téann amhránaithe nua óg go Longitude mar ní théann déagóir

Beatháisnéis Timothée Chalamet - Rachel

Bíonn aisteoir amháin againn a thaitníonn go mór linn agus is é Timothée Chalamet an t-aisteoir is fearr liom. Is aisteoir Meiriceánach é atá 24 mbliana d’aois .Ta sé an-tréitheach agus an-dathúil! Bhí sé i go leor scannáin iontacha ar nós Lady Bird, Intersteller, Beautiful Boy, Little Women agus The King. Seo 10 bhfírící faoi Timothée Chalamet: 1. Is Meiricéanach-Francach é. Tá a dhaid, Marc Chalamet ón Fhrainc  agus is Meiricéanach í a mháthair, Nicole Flender. 2. Bhí a chéad ról ar scáileán i “Law & Order” sa bhliain 2008 nuair a  bhí sé 13 mbliana d’aois. 3. Chuir Christopher Nolan é ina chéad phríomh ról sa scannán  “Interstellar” sa bhliain 2014. Ghlac sé an ról de Tom, an leaid óg,  Casey Affleck. 4. Tá sé an chéad aisteoir ar rugadh sna 1990idí a ainmníodh don aisteoir is fearr ag na  hOscair in 80 bliain. 5. Rugadh é i Nua Eabhrac agus tá sé fós ina chónaí ann inniu. 6. Rugadh é ar an 27ú de mí na Nollaig 1995 agus tá sé 24 mbliana  d’aois. 7. Tá a glanfhiúchas thart ar $6

Beatháisnéis Fnatic Tekkz - Cian

Tá Donavan Hunt nó Tekkz, mar is fearr aithne air, ar cheann de na himreoirí FIFA is fearr ar domhan.  Rugadh agus tógadh Tekkz i Sasana agus tháinig sé ar an saol ar an 2ú Meitheamh 2002. Thaitin leis i dtólamh a bheith ag imirt FIFA ó aois an-óg agus is dóigh go bhfuair sé a cháil nuair a d’imir sé i gcomórtas FIFA ag 16 mbliana d’aois. Ina dhiaidh seo, bhí gach foireann E-Spóirt ag iarraidh é a shíniú ach rinne sé an cinneadh síniú le foireann F2. Bhuaigh sé an "eWorld Cup" nuair a bhí sé leis an bhfoireann sin agus d'aisrigh sé ansin go dtí an fhoireann espóirt is mó ar domhan, Fnatic. I gcúpla bliain, tá sé tar éis an eWorld Cup, an ePremier League, an eChampions League agus go leor comórtais eile a thabhairt leis go dtí seo. Deirtear go ndearna Tekkz £250,000 ó dhuais airgid amháin in 2019. Ní thugann sé sin san aireamh an méid airgid atá saothraithe aige ó Twitch,Youtube agus uarraitheoirí eile.Taaitníonn Tekkz le daoine mar gheall ar a stíl ionsaithe imeartha agus

Foireann Rugbaí na hÉireann - Ronán

Foireann Rugbaí na hÉireann - Sé Náisiúin 2020 Ó thosaigh an Six Nations 2020, bhuaigh Éire ar an Albain 19 – 12. Ní tús iontach a bhí anseo ach thóg siad an bua agus bogtar ar aghaidh. Ina dhiadh sin, bhí na bua againn ar an mBreatain Bheag 24 – 14. Ina dhiaidh sin, chailleamar go dtí Sasana 24 –12, an chéad chaillteanas den chomórtas. Ina dhiadh an chluiche sin, bhuail muid an Iodáil 50 – 17, freisin, ag fáil an phointe bhónais. Ag deireadh na mbabhtaí sin, bhí trí fhoireann ar chomhscór, an Fhrainc, Sasana agus Éire. Bhí cluiche amháin fághta againn agus bhí orainn pointe bónais eile a fháil chun an comórtas a bhuachaint. Tar éis an chluiche deireanach, chaill Éire in aghaidh na Fraince,  le scór 35-27. Dúirt captaen na foirne, , Johnny Sexton, “You have to have the mentality to score tries – sometimes it comes off, sometimes it doesn’t. [Our tactics were] brave but the execution didn’t back up the decision.” Tá a fhios acu cén áit a ndeachaigh siad mícheart agus le cúnamh Dé, beidh

Turas go Binn Éadair - Jennifer

I Mí na Samhna chuamar go dtí Binn Éadair. Bhain mé an-taitneamh as an lá seo, ní raibh an aimsir go hiontach roimhe seo ach bhí na radharcanna go hiontach fós. Fuaireamar bus ón scoil ag a 10 agus thosaíomar suas an aill mhór. Thóg sé uair go leith nó uair an chloig ag teastáil chun an barr a shroiceadh. D’fhéachamar ar thaobh na haille, bhí an fharraige díreach thart orainn. nuair a shroicheamar an teach solais ag an mbeár bhí lón againn lena fear céile. Tar éis tamaill thosaíomar ag breathnú siar ar an gcathair bheag ag cromadh na haille. Fuaireamar sceallóga ó cheann de na siopaí sliseanna sa chathair, bhí siad blasta agus thaitin siad go mór liom. Thug an turas seo deis dúinn cuairt a thabhairt ar na háiteanna éagsúla timpeall na hÉireann, deis iontach chun foghlaim faoi áiteanna nua timpeall na tíre. Fiú mura bhfuil muid in ann go leor a dhéanamh d'imeachtaí na hidirbhliana agus do Bhliain na Gaeilge, bhí lá iontach agam. Le linn saoire na Nollag chuaigh mé ar ais go Binn Éad