Skip to main content

Oideas do Bhrioscaí deasa sa bhliain nua - Abby

 Seo oideas simplí le haghaidh brioscaí a bhíonn againn sa bhaile. Déanann muid iad i rith na Nollag ach go minic, bíonn siad againn le linn Mhí Eanáir chomh maith mar tá siad go hálainn!


· 150g im

· 80g siúcra donn

· 80g siúcra mín/gránaithe

· 2tsp úscra fanaile

· 1 úbh mór

· 225g plúr

· ¼ tsp salann

· 200g sceallaí seaclaide

· ½ tsp décharbónáit sóidiam


Tá sé seo thar a bheith simplí, ach lean an modh!


· Téigh an oigheann go dtí 180C agus líon 2 trádaire bácala le páipéar bácala.

· Cuir an im agus an siúcra go leir isteach i mbabhla mór agus measc go dtí go bhfuil sé uachtarúil.

· Nuair atá an siúcra agus im réidh, cuir isteach an úbh agus am úscra fanaile.

· Craith an plúr , décharbónáit sóidiam agus salann isteach sa bhabhla le spúnóg adhmaid.

· Caith isteach an seaclaid agus measc go dtí go gceapann tú go bhfuil siad sa mheascán go léir.

· Úsáid spúnóg tae chun scúp beag don mheascán a chuir amach go cothrom ar an trádaire bácala. Beidh timpeall 30 briosca san oideas seo.

· Cuir é san oigheann le haghaidh 8-10 nóimead (go dtí go bhfuil na taobhanna donn eadróm agus go bhfuil sé béagan bóg sa lár)


Bain taitneamh astu!!



Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.