Skip to main content

Posts

Showing posts from April 4, 2021

Stair Nike Air Max - Eoin

Cruthaíodh an chéad bhróg le boilgeog Air Max sa bhliain 1987. An fheidhm a bhí ag na boilgáin ná chun na bróga a dhéanamh níos c nuompordaí do dhaoine agus iad á gcaitheamh agus nuair atá siad ag siúl.  Ar dtús níor raibh ach boilgán ar chúl an bhróig ach le himeacht ama, d'fheabhsaigh sé agus rinneadh bolgán iomlán d'íochtar an bhróig, tá siad sin an-chompordach agus tá praghas ard orthu dá bharr.  Bróga Nike ó 1990  Nike Air Vapor Max Flyknit Nua Tá beagnach 100 cinéal bróg “Air Max” déanta ó 1987 

Cluichí Ríomhaireachta atá ag teacht amach i mbliana - Niall

Seo 3 chluiche ríomhaireachta iontach atá ag teacht amach i mbliana. 1. God of War:  Ragnarok Is cluiche é seo ina n-imríonn tú mar Lochlannach. Tá snáithe scéal ann agus caithfidh tú é a leanúint agus rudaí éagsúla a dhéanamh. Níl mórán eolais againn faoin leagan seo den chluiche seachas go mbeidh sé amuigh go luath agus beidh te in ann é a imirt ar an PS4 agus PS5 araon. 2. Halo Infinite Is cluiche lámhachóir chéad duine é Halo atá díreach do dhaoine leis an xBox. Rud spéisiúil faoin leagan seo den chluiche ná nach mbeidh an píosa ilimreora saor le himirt. 3. Far Cry 6 Is cluiche snáithe scéal Far Cry 6 é seo atá suite i réigiúin trópaiceacha Cúba. Níl an dáta cruinn aimsithe againn go fóill ach tá na dearthóirí ag rá faoi i Mí Lúnasa. Beidh sé ar fáil ar gach consól.

Liosta cuimsitheach de na cláir is fearr ar Netflix - Eve

Seo na cláir is fearr atá ar Netflix faoi láthair. Tá neart ann chun d'aird a choinneáil ar feadh píosa ar aon nós! American Horror Story   The Queen’s Gambit   Brigerton   Ozark   Schitt’s Creek  The Haunting House   The Umbrella Academy   Community  The Witcher   Breaking Bad  Sex Education   Bodyguard   Mindhunter   The Good Place   Anne with an E   The End of the F***ing World  Stranger Things   Black Mirror   The Crown   Peaky Blinders   How to get away with Murder   Making a Murder   The Stranger   On my Block  Are you the One ? 

Rocky Road le Creme Egg - Cian

 Comhábhair Cupán Ime Seacláid-2 chupán Spúnóg bhoird ó bhéal-4 Brioscaí brúite-1.5 cupán Cupáin Marshmallow -2 Creme Egg cupán beag-1 Creme Egg - 6   Modh 1. Leáigh im, seacláid agus órshúlach i mbabhla agus measc le chéile. 2. Measc isteach na marshmallows agus beagán Creme Egg . 3. Cuir i dtráidire é. 4. Cuir na Creme Egg ina dhá leath agus cuir ar a mbarr iad. 5. Fág é sa chuisneoir ar feadh 2 uair an chloig. 6. Gearr é i slisníní. 7. Bain taitneamh astu!

Na Siopaí chun éadach faiseanta a cheannacht don Earrach/Samhradh 2021 - Caoimhe C

Le deanaí táim ag feiceáil éadaí álainn don samhraidh ar Pinterest le prionta bláthach nó dathanna géala. Seo na siopaí chun na éadaí faiseanta do 2021 a cheannach (gach siopa ar líne). Zara:  Tá gunnaí acu le prionta bláthach agus réimse saoráideach acu i neart dathanna don samhradh. Níl Zara ró-costasach chomh maith. (I mo thuarim , is é Zara an áit is fearr do shiopadóireacht a dhéanamh!)  Motel Rocks:  Is féidir píosaí deas cosúil le barr cóirséad a cheannach anseo atá cosúil le cinn ó Instagram nó Pinterest. Tá sé níos costasaí ná Zara ach tá an caighdeán ar feabhas!   Shein:  Is féidir na eadaí snámha is fearr a cheannach anseo ar phraghas an-saor. Tá na barr/gunaí líontán acu a fheiceann cosúil leis na cinn ar clár Pinterest. An t-aon rud faoi Shein ná léamh na leirmheas a fhágann daoine ar gach píosa éadach mar uaireanta bíonn an fabraic trédhearach. Is féidir oiriúntaí a cheannach anseo mar spleacaí gréine agus muince péarla a bhreathaíonn cosúil ceann ó Vivienne Westwood do p

Comhairle dhuit faoin Timpeallacht - Eimear

Is fíor go gcuidíonn taisteal leis an gcomhshaol. Sa bhlagmhír seo táim chun comhairle a thabhairt ar conas é seo a dhéanamh. Ith níos lú feola: Má déantar feoil a ithe 2-3 huaire sa tseachtain is féidir leat do lorg carbóin a laghdú go suntasach. Ídíonn táirgeadh feola go leor uisce agus talún, astaíonn thart ar 14.5% de gháis cheaptha teasa an domhain freisin. Úsáid táirgí in-athúsáidte: Tá go leor roghanna in-athúsáidte ar fáil do tháirgí laethúla. Ceann de na samplaí is coitianta de seo ná buidéal uisce in-athúsáidte in ionad ceann plaisteach ach tá go leor samplaí eile ann, mar shampla clúdach céir bheach in ionad bearradh flim nó tuí miotail agus silicone. Múirín: Cuidíonn bosca bruscair múirín go mór leis an gcomhshaol mar seachnaíonn sé bruscar ag dul chuig láithreáin líonta talún agus laghdaíonn sé scaoileadh gás ceaptha teasa meatáin.

7 Bhfóibe nach raibh ar eolas agat - Aisling

1.Arachibutyrophobia: An eagla go mbeidh im peanut greamaithe le barr do bhéil. Tá daoine áirithe leis an bhfóibe seo fós in ann píosa beag im peanut a ithe ach tá go leor daoine ann a fhanann glan uaidh nó aon rud leis an gcomhsheasmhacht chéanna san iomlán. Is féidir leis an fóibé seo teacht ó eagla tachtadh. 2.Nomophobia: An eagla nach bhfuil do ghuthán póca agat. Tá imní mhór ar dhaoine a bhfuil an fóibe seo orthu nach bhfuil a bhfón póca acu, cuireann sé an-imní orthu má tá an ceallraí íseal nó mura bhfuil an fón as seirbhís. Tagann an fóibe seo ó dhuine atá sáite lena bhfón agus atá á seiceáil gach t-am. 3.Arithmophobia: Eagla na n-uimhreacha- Bíonn daoine leis an bhfóibe matamaitice seo imníoch nó bíonn eagla orthu go minic roimh aon rud a bhaineann go ginearálta le huimhreacha. Is féidir leis an bhfóibe seo dochar mór a dhéanamh do shaol an duine toisc go bhfuil sé deacair poist a fháil agus tascanna a dhéanamh gan aon mhatamaitic nó uimhreacha a úsáid. 4. Plutophobia: Eagla fa