Skip to main content

Posts

Showing posts from November 15, 2020

3 chlár teilifíse ar Netflix le linn dianghlasála - Seán

Is iomaí clár iontach atá le fáil arlíne faoi láthair ach seo an 3 cinn is fearr. Narcos Suite sa Cholóim, tá séasúir 1 agus 2 bunaithe ar scéal an rí drugaí Pablo Escobar, a tháinig chun a bheith ina bhilliúnaí trí chóicín a tháirgeadh agus a dháileadh. Díríonn an tsraith freisin ar idirghníomhaíochtaí Escobar le tiarnaí drugaí, gníomhairí Riaracháin um Fhorfheidhmiú Drugaí (DEA), agus aonáin freasúra éagsúla. Tagann Séasúr 3 chun cinn tar éis titim Escobar agus leanann sé ar aghaidh leis an DEA agus iad ag iarraidh ardú Chairtéal clúiteach Cali a dhúnadh. 9.5/10 Stranger things Tá Stranger Things suite i mbaile ficseanúil tuaithe Hawkins, Indiana, i dtús na 1980idí. Is cosúil go ndéanann Saotharlann Náisiúnta Hawkins in aice láimhe taighde eolaíoch do Roinn Fuinnimh na Stát Aontaithe, ach faoi rún déanann sí turgnaimh ar an bparanormal agus osnádúrtha, lena n-áirítear iad siúd a mbíonn ábhair thástála daonna i gceist leo. De thimpiste, chruthaigh siad tairseach go gné mhalartach, &qu

8 mbealach atmaisféar Nollaigiúil a chruthú - Eve

Conas atá tú? An bhfuil tú ag iarraidh atmaisféar nollaigiúil a chruthú? Seo roinnt rudaí gur féidir leat a dhéanamh chun cabhrú leat: • Féach ar scannán nollag (tá na mílte ar fáil ar Netflix). • Las coinnle nollagúil (Sinséar, Cainéal nó Fige). • Tóg teach sinséar agus maisigh é le go leor milséan. • Cuir suas do mhaisiúchán nollag. • Éist le ceol nollagúil. • Bácáil agus maisigh brioscaí nollag nó/agus maróg nollag. • Ceannaigh agus cludaigh do bhronntanais nollag. • Dul chuig an gcathair san oíche chun na soilse agus maisiúchán a fhéiceáil. Bain taitneamh as! Eve.

Podchraoladh do Bhliain na Gaeilge - Barra

Ar an 9ú Samhain roinneadh an bhliain ina 5 ghrúpa mar chuid d'imeacht Bhliain na Gaeilge san Idirbhliain. Bhí mo ghrúpa ag déanamh Podchraoladh trí Ghaeilge. Roinn an rang i ngrúpaí níos lú agus ag úsáid aip darb ainm ‘Bandlab’, rinne mo chara Tom agus mé podchraoladh ar na healaíona comhraic. Chun é seo a dhéanamh b’éigean dúinn réamhrá a dhéanamh ar dtús. Anseo beidh orm ainm an phodcast a insint don lucht féachana agus an méid a bheidh á phlé againn. Theastaigh roinnt ceoil leis freisin. D'ainmnigh muid an podchraoladh 'Féin-chosaint agus Ealaín chomhraic. Ina dhiaidh sin b’éigean dúinn script a dhéanamh ar cad go díreach a bheidh á rá againn le linn chorp an phodchraoladh. Thosaigh muid lenár gcúlra sna healaíona comhraic agus na héagsúlachtaí a bhí i gceist. Ansin phléamar lenár dtuairimí roinnt ealaíona comhraic éagsúla, mar shampla iomarscáil agus cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leo. Nuair a chríochnaigh muid an podchraoladh a thaifeadadh thosa

Ardán na Feóire ar Spotify

Tá Ardán na Feóire le fáil anois ar Spotify!  Éist lenár bpodchraoladh nua a seolfar an tseachtain seo ar Spotify, Apple Podcasts agus Google Podcasts. https://open.spotify.com/show/6sbTq8ZxzWdMM6ThSnwRe0

Cúpla Oideas Éasca - Caoimhe O

Is iomaí rud gur féidir leat a bhácáil don Nollaig, ach seo 4 oideas éasca agus blasta  atá agam daoibh le déanamh le bhur gclann agus bhur gcairde thar an Nollaig.  1) An chéad cheann ná milseog traidisiúnta don nollaig, an teach arán sinséir. Is milseog blasta agus spraoiúil í le  déanamh. Is féidir an oideas a fháil ag  https://www.bbcgoodfood.com/recipes/simple-gingerbread-house 2) An chéad mhilseog eile ná maróg nollag. Is cáca an-bhlasta agus tradisúinta é agus fanann sé go maith ar feadh cúpla mí tar éis é a bhácáil. Is féidir an oideas a fháil ag: https://supervalu.ie/page/1367 3) Cáca eile atá go deas le bácáil ná píog úll. Tá sé an-bhlasta agus éasca le déanamh. Tá oideas iontach do phíog úll ag https://www.allrecipes.com/recipe/12682/apple-pie-by-grandma-ople/ 4) An mhilseog deireanach ná pavlova. Is milseog mhilis agus éadrom tar éis an dinnéar nollag mór é seo. Is iomaí oideas deas ann ach an ceann is fearr liomsa ná  https://www.taste.com.au/recipes/classic-pavlov

Maisiúchán lámhdéanta na Nollag - Luke

An bhfuil tú ag mothú nollaigiúil cheana féin? An bhfuil sceitimíní ort chun na maisiúcháin Nollag a chur suas? Ná breathnaigh níos faide! Is é seo an liosta den trí mhaisiúchán Nollag is fearr le déanamh go héasca agus ar bheagán airgid. 1. Ornáid Nollag  Níl ach cúpla liathróid plaisteach beag ag teastáil do na maisiúcháin seo. Is féidir na liathróidí seo a dáithú le péint agus gealra. Tar éis é seo, is féidir sreang beag a cheangailt dóibh agus iad a chrocadh ar an gcrann Nollag.      2.  Crann Nollag beag Níl ach píosa adhmad ag teastáil don cheann seo. Gearr amach cruth crann nollag ag úsáid sábh agus cuir péint glas air. Is féidir leat soilse beag LED a chuir ar an gcrann. Beidh do sheomra suite ag breathnú Nollaigiúil cheana féin!     3.  Réalt Nollag  Is féidir réalt a dhéanamh do do chrann nollag ag úsáid ábhar ar bith chun é seo a dhéanamh ach molann mé adhmad a úsáid. Is féidir plaisteach a úsáid má tá go leor úirlisí agat.

Podcraoltóireacht - Caoimhe C

Rinne mé an cheardlann phodchraolta ar an 9/11/20 ba mhór an spraoi é mar bhí mé in ann mo phodchraoladh féin a dhéanamh le mo chairde Leah agus Rachel. Ag tús an ranga, d’éist mé le podchraoladh Emma Chamberlain ar Spotify “Anything Goes”. Bhí sé greannmhar agus suimiúil, Labhair sí faoi "The Hollywood Fix" In LA agus ag tabhairt aimsir na Nollag. Seo nasc dár bPodchraoladh “Ag Caint leis na Cailíní”: https://www.bandlab.com/revisions/9802e21d-9122-eb11-9fb4-501ac5b31de6 Labhair muid faoi EMAS, albam nua Ariana Grande agus scannán a d'fhéadfadh tú féachaint orthu ag an deireadh seachtaine. D’fhoghlaim mé conas BandLab a úsáid. Rinne mé píosa ceoil ar an aip sin. Seo é: https://www.bandlab.com/revisions/d6bc5dad-7f22-eb11-9fb4-501ac5b31de6?sharedKey=mPyQDxDXp06UAGma9gzDPg D'úsáid mé an chéad chúpla soicind don cheol do mo phodchraoladh féin. Tá áthas orm go ndearna mé an cheardlann seo mar anois tá suim agam éisteacht le podchraoltaí agus tá sé iontach mar go bhfuil p