Ar an 9ú Samhain roinneadh an bhliain ina 5 ghrúpa mar chuid d'imeacht Bhliain na Gaeilge san Idirbhliain. Bhí mo ghrúpa ag déanamh Podchraoladh trí Ghaeilge. Roinn an rang i ngrúpaí níos lú agus ag úsáid aip darb ainm ‘Bandlab’, rinne mo chara Tom agus mé podchraoladh ar na healaíona comhraic.
Chun é seo a dhéanamh b’éigean dúinn réamhrá a dhéanamh ar dtús. Anseo beidh orm ainm an phodcast a insint don lucht féachana agus an méid a bheidh á phlé againn. Theastaigh roinnt ceoil leis freisin. D'ainmnigh muid an podchraoladh 'Féin-chosaint agus Ealaín chomhraic.
Ina dhiaidh sin b’éigean dúinn script a dhéanamh ar cad go díreach a bheidh á rá againn le linn chorp an phodchraoladh. Thosaigh muid lenár gcúlra sna healaíona comhraic agus na héagsúlachtaí a bhí i gceist. Ansin phléamar lenár dtuairimí roinnt ealaíona comhraic éagsúla, mar shampla iomarscáil agus cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leo.
Nuair a chríochnaigh muid an podchraoladh a thaifeadadh thosaigh mé ag eagarthóireacht. Le linn an phróisis sin bhí orm fáil réidh leis na píosaí nach dteastaíonn, ar a am, na taifid éagsúla a chur san ord ceart agus a sheiceáil go raibh gach rud ag obair. Chomh maith leis seo bhí orm an ceol ón réamhrá a chur leis ag deireadh an phodchraoladh.
Thug sé seo go leor cúnamh dár bpodchraoladh ranga "Ardán na Feóire".
Comments
Post a Comment