Skip to main content

Posts

Showing posts from January 17, 2021

Barraí Próitéin - Niall

Faoi láthair, is iomaí duine atá ag iarraidh an ‘corp samhraidh’ a fháil. Bealach maith chun é sin a dhéanamh ná chun a lán aclaíochta a dhéanamh agus an méid is mó próitéin a thógáil isteach is gur féidir. Tá mé chun barraí prótéin a thaispeáint duit atá lán de phrótéin agus atá tapaigh agus éasca le déanamh. Sna oideas seo tá; 12 barraí - 8.6g próitéin, 227 calra, 9.7g saill Ag teastáil: · ½ bainne (aon sort) · 200g im piseanna talún · 2-3 spúnóg bord de mil · 1 ¼ cupán de púdráil próitéin whey · 2 cupán de choirce Céimeanna: · I bpota, measc an bainne, mil agus an im piseanna talún ar teas íseal go dtí go bhfuil gach rud measctha le chéile go maith. Ansin cuir na coirce agus an próitéin whey isteach sa phota leis na meascán eile agus measc iad le chéile. (Má tá an meascán ró-thuibh chuir bainne leis.) · Cuir an meascán seo isteach i bhfriochtán 8x8 agus cruthaigh an cruth ceart agus déan cinnte nach bhfuil sé ró-thuibh. · Lig don mheascán seo fuarú síos agus ina dhiaidh sin gearr é

Forbairt na Spástaiscealaíochta le SpaceX - Sam

Sa chéad pháirt de mo chuid blageadóireacht seo, bhí mé ag labhairt faoi conas gur fhorbair an teicneolaíocht a bhaineann le cúrsaí spáis, agus anois tá mé chun labhairt faoi cheann de na comhlachtaí spáis a dhéanann an chuid is mó den forbairt seo. An chomhlacht atá mé ag labhairt faoi ná SpaceX. Bhunaigh fiontraí Elon Musk SpaceX ar an 6ú Bealtaine 2002 agus sa lá atá inniú ann, in 2021, tá sé ar cheann de na comhlachtaí spáis is mó ar domhain. Bhain SpaceX go leor rudaí amach le cúrsaí spáis freisin, seo cúpla ceann de na héachtannaí sin. Ar an 18ú Iúil 2016, chuir SpaceX an roicéad Falcon 9 suas sa spás. Níl sé sin thar a bheith mórthaibhseach leis féin ach an rud a rinne SpaceX ansin ná bhí siad in ann an roicéad a thuirlingt ar ais ar an domhan freisin gan damáiste ar bith don roicéad. Roimhe sin, ceapadh go raibh sé sin indéanta mar ní raibh NASA fiú in ann é a dhéanamh.  Ar an 30ú Bealtaine 2020, chuir SpaceX na chéad daoine chun spás don chéad uair i ndeich mnliana i gceann de

1.4bn caite ag Man City - Seán

Taispeánann an taighde is déanaí ar ghnó Manchester City go gcoinníonn siad a n-áit mar na daoine a chaith an Premier League le deich mbliana anuas. I measc na bpríomhshínithe bhí Ruben Dias, Nathan Ake agus Ferran Torres ag an Etihad an samhradh seo mar chaith City beagnach £ 150m ar tháillí aistrithe.Thug sé sin caiteachas City le deich mbliana anuas go dtí £ 1.421bn - an líon is airde sa Premier League. Ach tá caiteachas City beagnach comhoiriúnach le Chelsea, mura ndearna City Dias a fháil go déanach san fhuinneog, bheadh ​​Chelsea ainmnithe mar na caiteoirí is airde le deich mbliana anuas ina ionad. Ciallaíonn samhradh mór caiteachais Chelsea nach bhfuil siad ach cúthail de £ 41m ó City le deich mbliana anuas.  Shroich Manchester United na trí cinn is fearr agus is iad an t-aon chlub eile sa Premier League a chaith £ 1bn ar aistrithe le deich mbliana anuas. Tá £ 1.09bn caite ag an gclub as Old Trafford ar tháillí aistrithe. Tá Learpholl sa cheathrú háit ar an liosta, tar éis £ 909

Podchraoladh ag teacht go luath

A chairde, Bí ag faire amach mar beidh eagrán eile de phodchraoladh ranga "Ardán na Feóire" beo ar Spotify go luath. San eagrán, déanann muid píosa cainte le h-iarscoláire ó Choláiste Cois Life, Callum Warfield. Bígí ag éisteacht! Rang Feóire

Beatháisnéis Meryl Streep - Aisling

Rugadh Meryl Streep ar an 22ú lá de mhí an Mheithimh in Summit, New Jersey, sna Stáit Aontaithe Meiricéa. Is é ‘Mary Louise Streep’ an t-ainm iomlán Meryl. Thug a hathair an leasainm ‘Meryl’ uirthi nuair a bhí sí óg. Tá sí anois seachtó haon bliana d’aois. Tá ceathrar páiste aici, Mamie Gummer, Grace Gummer, Henry Wolfe agus Louisa Jacobson. Is é Don Gummer a fear céile agus phós siad sa bhliain 1978. Thuill Streep céim MFA agus í ag freastal ar Yale School of Drama sa bhliain 1975. Tar éis di a céim ollscoile ag Yale a fháil, rinne sí a céad ról ar Broadway sa dráma ‘Trelawney of the ‘Wells’. An uair dhéarnach a chonaiceamar Streep ar an stáitse ná sa bhliain 2006 nuair a ghlac sí an príomhpháirt sa dráma ‘Mother Courage and Her Children’ i Nua Eabhrac. An chéad scannán a ghlac Meryl páirt ann ná an scannán ‘Julia’ sa bhliain 1977 le Jane Fonda agus Vanessa Redgrave. Bhí Meryl Streep ainmnithe le haghaidh 21 Academy Awards. Rinne sí stair leis an ngaisce mór seo de bharr gurb é sin an

Laoch ar Lár - Diego Maradona - Cathal

Imreoir agus bainisteoir peile proifisiúnta Airgintíneach ab ea é Diego Maradona. Meastar go raibh sé ar cheann de na himreoirí peile ab fhearr riamh ar an domhan. Bhí sé ar cheann den dá chomhbhuaiteoir ar ghradam FIFA Player of the 20th Century. Pelé ab ea an comhbhuaiteoir eile.  Rugadh Diego Maradona ar an 30ú Deireadh Fómhair 1960. Le déanaí tháinig deiridh le saol Diego Maradona nuair a fuair sé bás de bharr taom croí ar 25ú Samhain 2020. D’fhás sé aníos i mbaile darbh ainm Villa Fiorito. Is cúige é Villa Fiorito i mBuenos Aires.   Chuir Diego Maradona tús lena ghairm idirnáisiúnta ar an 27ú Feabhra 1977, ní raibh Maradona ach 16 bliaina d’aois ag an am. D’imir Maradona 91 cluiche ar son na hAirgintíné agus scóráil sé 34 cúl agus ceann acu ar cheann de na cúil is mó cáill: an 'Hand of God’. Tharla an ‘Hand of God’ sa Chorn Domhanda 1986. Ba é Maradona captaen na foirne ag an am agus bhuaigh siad an Corn Domhanda dá bharr. Ba laoch é Diego Maradona do mhuintir na hAirgintíne. 

5 áit gur mhaith liom cuairt a thabhairt orthu - Leah

An bhfuil áit ar bith a bhfuil fonn mór ort dul ann? Tá leithscéal agat dul ann anois tar éis beagnach bliain a chaitheamh i gcoraintín de bharr panéime COVID-19. Seo liosta de na háiteanna gur mhaith liomsa dul ann tar éis COVID. 1. Skopelos Is í Skopelos an áit a déanadh taifead ar Mamma Mia. Is oileán é ar chósta na Gréige. Is aoibhinn liom an scannan agus is breá liom na radharcanna agus na bailte beaga agus foirgnimh sa scánnan agus ba mhaith liom iad a fheiceáil dom féin tar éis dom breathnú ar an scánnan i rith dianghlasála. 2.  Nua Eabhrac                                    Bhí mé i gcónaí ag iarraidh dul ag Nua Eabhrac agus i rith dianghlásála, chonaic mé go leor pictúir dhó ar líne. D’fhéach sé go hálainn agus bhí fonn níos mó orm dul ann ansin. Dá mbeinn le dul ann, bheinn ag iarraidh Brooklyn agus ar ndóigh, Manhattan a fheiceáil chomh maith le Foirgneamh an Empire State agus an Statue of Liberty.  3.  An Róimh nó Venice                                  Tá mé ag iarradh dul