Faoi láthair, is iomaí duine atá ag iarraidh an ‘corp samhraidh’ a fháil. Bealach maith chun é sin a dhéanamh ná chun a lán aclaíochta a dhéanamh agus an méid is mó próitéin a thógáil isteach is gur féidir. Tá mé chun barraí prótéin a thaispeáint duit atá lán de phrótéin agus atá tapaigh agus éasca le déanamh. Sna oideas seo tá; 12 barraí - 8.6g próitéin, 227 calra, 9.7g saill
Ag teastáil:
· ½ bainne (aon sort)
· 200g im piseanna talún
· 2-3 spúnóg bord de mil
· 1 ¼ cupán de púdráil próitéin whey
· 2 cupán de choirce
Céimeanna:
· I bpota, measc an bainne, mil agus an im piseanna talún ar teas íseal go dtí go bhfuil gach rud measctha le chéile go maith. Ansin cuir na coirce agus an próitéin whey isteach sa phota leis na meascán eile agus measc iad le chéile. (Má tá an meascán ró-thuibh chuir bainne leis.)
· Cuir an meascán seo isteach i bhfriochtán 8x8 agus cruthaigh an cruth ceart agus déan cinnte nach bhfuil sé ró-thuibh.
· Lig don mheascán seo fuarú síos agus ina dhiaidh sin gearr é ina bharraí.
Tar éis duit iad a dhéanamh, bí cinnte iad a ithe lastigh de sheachtain agus bí cinnte iad a fhágáil sa chuisneoir. Is féidir na barraí seo a ithe aon am mar bhricfeasta nó mar lón.
Comments
Post a Comment