Skip to main content

Posts

Showing posts from November 29, 2020

#1 - Na scannáin Marvel is fearr - Jenny

Tá scannán Marvel ar chuid de na scannáin is mó cáill atá tagtha amach le blianta beaga anuas. Shílfeá nach bhfuil mí ann nach bhfuil scannán nua de chuid Marvel tar éis teacht amach ach ar ndóigh, tá caighdéan thar a bheith ard ag Marvel agus mar sin, is liosta é seo ó 20 go huimhir a 1 ar na scannáin Marvel is fearr. 11. Thor  Is é seo an ceathrú scánnán Marvel a tháinig amach in 2011 agus tá cúlra iontach ag baint leis agus taitníonn an scéal go mór liom. 12. Black panther Is bréa liom an áit a bhfuil an scánnán seo suite. Ceapaim gur síomh iontach í agus go bhfuil na haisteoirí iontach ann. 13. Spider Man : Home coming. An t-aon rud nach d taitníonn liom faoin scánnán seo ná nach bhfuil an tús ceanna aige mar a bhíonn sna scánnán Spiderman eile, ní bheireann aon damhán alla ar Peter, ach é sin ráite, ceapaim gurb é an t-aisteoir Tom Holland an Spider Man is fearr a bhí ann.Ceapaim é seo mar san iris leabhar, níl Peter Parker ach 16 agus ceapaim féin go raibh na haisteoirí a bhí so

Na siopaí éadaí is fearr ar líne le linn dianghlasála - Abby

Tá a fhios agam cé chomh deacair is atá sé chun do chuid siopadoireachta a dhéanamh i rith dianghlasála agus mar sin, tá mise chun tú a ligint isteach ar na siopaí is fearr chun do chuid siopadóireachta arlíne a dhéanamh. Tá sé chomh éasca an siopadóireacht a dhéanamh arlíne nuair a thuigeann tú é! Beidh tú ceart ag rá go ndearna mise damáiste do do chuntas bainc mar tá an cnaipe cuir leis an gciseán dainséarach! Tá sé ró-éasca le cliceáil - bí cúramach! Thíos tá liosta de chuid do mo shiopaí is fearr: • Zara - is é seo mo shiopa is fearr agus thóg siad m'airgead go léir! Tá mo vardús ar fad lán le héadaí ón siopa iontach seo. • Stradivarius - éadaí deasa atá an-chosúil le Zara. • Bershka - tá an stíl an-difriúil le hais éadaí Zara má tá tú ag iarraidh seasamh amach, breathanigh ar an siopa seo.  • Arnotts - níl sé seo dirithe ar eadaí ach ag teannadh leis an Nollaig, tá an siopa seo iontach chun do chuid bronntanais a fháil réidh!.

Beatháisnéis Hector Ó hEochagáin - Barra

Is láithreoir teilifíse agus raidió é Hector Ó hEochagáin.  Rugadh agus tógadh Hector san Uaimh i gCo. na Mí agus is iomaí clár teilifíse a raibh sé páirteach iontu. Is dóigh gur le TG4 a bhain Hector a cháill is mó amach leis an tsraith taistil "Amú" a craoladh ar an teilifís beagnach scór bliain ó shin anois. Is mór agam a rá go bhfuil Hector ar ais arís agus é níos fearr ná riamh lena chuid cláir taistil. I láthair na huaire ar TG4, is féidir Hector a fheiceáil ar Hector USA - Ó Chósta go Cósta agus ar Hector Africa A- Z. Is cláir iontacha iad seo agus taitníonn sé go mór liom é a fheiceáil ag taisteal ó thír go tír. Tá sé ráite ag Hector é fhéin gur fhoghlaim sé a chuid Gaeilge sa Ghaeltacht is cóngaraí dúinn anseo i Leamhcán, i Rath Chairn, Co. na Mí agus ba mhaith linn mar rang, cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht sin nuair a thagann deireadh le siranta Covid19. Tá podchraoladh ag Hector anois leis an bhfear grinn Tommy Tiernan agus le Laurita Blewitt atá le fáil ar Spo

Bealaí do sheomra leapa a dhearadh ar bheagán airgid - Caoimhe C

An gcuireann do sheomra leapa leadrán ort? Má chuireann seo cupla rud gur féidir leat a dhéanamh chun é a athrú. 1. Pictúir: Is féidir pictuirí bheaga a phriontáil amach ó Pinterest nó ó do cheamara féin agus iad a eagrú go deas i gcolláis deas ar bhalla amháin i do sheomra. Cruthaíonn seo príomhmhír i do sheomra atá pearsanta duit mar rinne tú é le pictúirí a thaitníonn leatsa. Freisin is féidir colláis réamhdéanta a cheannach ar: https://www.shoptezza.com/collections/collage-kit 2. Péinteáil: Uaireanta breathnaíonn do sheomra leapa go hiomlán difriúl má chuireann tú dath péint difriúl ar na ballaí nó an troscán. Má bhreathnaíonn do sheomra an-bheag cuir péint géal ar na ballaí ansin breathnaíonn sé níos mó. Má tá do leaba nó aon troscán i do sheomra sean agus breathnaíonn sé go dona is féidir iad a phéinteál agus feicfidh siad nua. Tá sé seo i bhfad níos saoire ná troscán nua a cheannach. 3. Soilsí beaga LED: Cuir soilsí beaga LED i do sheomra chun atmaisfear compordach a chruthú mar

Rothair agus Scútair Leictreacha - Séimí

Le déanaí, tá rothair agus scútair leictreacha le feiceáil go minic timpeall na háite. Bíonn páistí agus daoine fásta á n-úsáid. Is bealach tapaí iad le dul ó áit go háit gan carr a úsáid, agus breathnaíonn siad an-spraoiúil le tiomáint. Ach, thastaíonn cáin agus árachas uait má théann tú thar 25km/u. Díoladh i bhfad níos mó scútar agus rothar leictreach an bhliain seo de bharr COVID-19 agus iompar poiblí ag tógáil méid áirithe daoine. Tá rialtas na hÉireann ag iarraidh laghdú a chuir ar na scútair a mbíonn ar bhóthair phoiblí in Éirinn. Bhí 56 timpiste sa bhlian 2019 a bhain le scútar leictreach agus bhí 91 ón céad lá de mí Eanáir suas go dtí an chéad lá de mí Deireadh Fómhair. Chuir an rialtais ráiteas amach ag iarraidh ar tuismitheorí gan scútar leictreach a fháil dá bpáistí an Nollaig seo. Tá rothar leictreach beagánín beag níos sabháilte mar níl an méid rothar is mar atá scútair agus bíonn níos mó céille ag baint le rothar leictreach ná scútar leictreach. Má bhíonn tú ag cur na tr

Craobh Iomána na hÉireann 2020 - Cathal

Is comórtas iománaíochta bliantúil é Craobh Iomána Sinsearach Uile-Éireann a bhunaigh an Cumann Lúthchleas Gael in 1887. Thosaigh an chraobh ar an dara lá de Mhí Iúil 1887 agus chríochnaigh sé ar an gcéad lá de Mhí Aibreáin 1888. Bronntar  corn Liam Mhic Charthaigh ar na buaiteoirí chuile bliain. Cén uair a mbeidh sé ar siúl i mbliana? Thosaigh craobh Iomána na hÉireann ar an 24ú Deireadh Fómhair agus críochnóidh sé ar an 13ú de mhí na Nollag. Is é seo an chéad bhliain a cuireadh moill le tús an chomórtais ó thosaigh sé i 1887. Cuireadh moill air de bharr Covid-19. Níor lig an rialtas d’aon spóirt dul ar aghaidh le linn dianghlasála. Difríochtaí i mbliana le Craobh iomána na hÉireann: An bhliain seo beidh roinnt difríochtaí ann, Níl cead ag aon lucht féachana ag na cluichí, Tá siad ag baint úsáid as sliotar buí don céhad uair riamh agus leath bealach tríd gach leath bíonn sos uisce acu. De ghnáth bíonn lán an tí acu sa chraobh ach ní bheidh sin i gceist an bhliain seo. Leanann an sos u

Na cluichí Nintendo is fearr - Eimear

Ta Nintendo ar cheann de na comhlachtaí cluich ríomhaireachta is fearr ar domhan leis na céadta cluiche, ach céard iad na cinn is fearr? Is aoibhinn liom an comhlacht Nintendo , déanann siad cluichí iontacha don chlann ar fad. Táim tar éis a bheith ag imirt a gcluichí ó bhí mé i mo pháiste óg ar an wii agus fós imríonn iad ar an Switch . Is é an chéad chluiche nó sraith cluichí atá faoi bhráid anseo ná The Legend of Zelda . Seo sraith cluichí a insíonn an scéal den ridire Link atá ag iarraidh an banphrionsa Zelda a chosaint agus an tír Hyrule ó Ganon nó Ganondorf , draoi olc. Is é an cluiche ar a bhfuil an móreileamh is mó sa tsraith seo ná Legend of Zelda: Breath of the Wild, a dhíol 14.27 milliún cóip, seo an cluiche is déanaí sa tsraith. Is é an dara sraith cluichí is fearr ar Nintendo ná Super Mario . Is cluiche ardán é seo, imríonn tú tríd roinnt maith leibhéal difriúl leis an bpluiméir  Mario, atá ag déanamh iarrachta banphrionsa Peach a shábháil ón turtar Bowser a d’fhu