Le déanaí, tá rothair agus scútair leictreacha le feiceáil go minic timpeall na háite. Bíonn páistí agus daoine fásta á n-úsáid. Is bealach tapaí iad le dul ó áit go háit gan carr a úsáid, agus breathnaíonn siad an-spraoiúil le tiomáint. Ach, thastaíonn cáin agus árachas uait má théann tú thar 25km/u.
Díoladh i bhfad níos mó scútar agus rothar leictreach an bhliain seo de bharr COVID-19 agus iompar poiblí ag tógáil méid áirithe daoine. Tá rialtas na hÉireann ag iarraidh laghdú a chuir ar na scútair a mbíonn ar bhóthair phoiblí in Éirinn. Bhí 56 timpiste sa bhlian 2019 a bhain le scútar leictreach agus bhí 91 ón céad lá de mí Eanáir suas go dtí an chéad lá de mí Deireadh Fómhair. Chuir an rialtais ráiteas amach ag iarraidh ar tuismitheorí gan scútar leictreach a fháil dá bpáistí an Nollaig seo.
Tá rothar leictreach beagánín beag níos sabháilte mar níl an méid rothar is mar atá scútair agus bíonn níos mó céille ag baint le rothar leictreach ná scútar leictreach. Má bhíonn tú ag cur na troitheáin ag obair ar an rothar agus an mótar ar súil agus théann sé thar 25km/u is féidir leis na Gardaí é a bhaint díot mar is féidir iad a rangú mar fheithicil. Mar sin, beidh ort cáin agus árachas a fháil ar an rothar chun dul os cionn 25km/u ach má bhíonn tú ag dul faoi 25km/u agus stopann na Gardaí thú, ní féidir leo é a bhaint uait..
Comments
Post a Comment