Skip to main content

Posts

Showing posts from April 11, 2021

Hozier ag cur Bré ar mhapa an Domhain - Eimear

Tá Hozier ar cheann de na ceoltóirí is cáiliúla ar fud an domhain sa lá atá inniu ann. Rugadh é ar an 17 Márta 1990, i mBré, Chill Mhantáin. Andrew John Hozier-Byrne an t-ainm ceart atá air. Mhúin sé an giotár dó féin agus sheinn sé i gcór na scoile. D’fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide agus ansin ghlac sé páirt sa chór. Ó 2007 go 2012 bhí sé mar chuid de chór Aúna agus chuaigh sé ar camchuairt leo. Ar an 3ú Iúil d’eisigh sé an EP “Take me to Church”. Bhí grá ag daoine ar fud an domhain dó seo agus bhí sé ar an "Billboard 200". I mí Mheán Fómhair 2013 d’eisigh sé “Take me to church” agus an físeán ceoil.  Tá físeáin ceoil Hozier iontach, agus lán le brí. Mar shampla, tá físeáin iontacha ar a chuid amhrán “Cherry Wine”, le Saoirse Ronan ar stáitse. Ar 19 Deireadh Fómhair 2014 d’eisigh sé a albam féin-dar teideal Hozier. Tá clúdach álainn ar an albam seo. Is péintéir í a mháthair agus cruthaíonn sí a chlúdach go léir.  Ainmníodh a hamhrán "Take me to Church" do G

Ceardlann "Movie Magic" - Aisling

D’fhoghlaim mé conas físeán ceoil a dhéanamh agus bhí deis againn ár bhfíseán ceoil féin a dhéanamh. Bhí beirt leas-stiúrthóir i gceannas ar an gcúrsa agus d’oibrigh duine acu ar an scannán ‘Bridget Jones’s Diary’. D’fhoghlaim mé faoi na huillinneacha éagsúla a úsáidtear chun scannán nó clár a chur le chéile, mar shampla úsáidtear an uillinn ‘thar an ghualainn’ chun na peirspictíochtaí éagsúla a thaispeáint agus úsáidtear an ‘lámhaigh gar’ chun an raon mothúchán atá ar taispeáint a thaispeáint aghaidh an aisteora. Tar éis dúinn foghlaim faoi na huillinneacha éagsúla agus an obair a bhí déanta ag an mbeirt leas-stiúrthóir ar roinnt tionscadal éagsúil, tugadh cead dúinn smaointe a fháil faoin gcineál fís a theastaigh uainn a dhéanamh inár ngrúpaí. Bhí rogha againn idir teachtaireacht nuachta, clár faisnéise agus físeán ceoil a dhéanamh. Phioc mo ghrúpa físeán ceoil a dhéanamh don amhrán ‘You Belong with me’ le Taylor Swift. Chuamar timpeall na scoile agus thaifeadamar leis an aip iMovie

An Uaireadóir Cliste - Abby

B'ad é Pebble, a chuir tús leis an tonn reatha uaireadóirí atá ceangailte le fón cliste. In 2012, sheol an bunaitheoir Eric Migicovsky feachtas Kickstarter chun táirgeadh smartwatches Pebble a thosnú. Chríochnaigh sé le níos mó ná $10 milliún agus orduithe le haghaidh 85,000 uaireadóir. D'ardaigh an dara babhta de mhaoiniú slua $20 milliún eile agus orduithe do 100,000 uaireadóir eile.  Bhuail na chéad uaireadóirí ar an margadh in 2013. Faoin am sin, bhí 12 gnó leictreonaice ag forbairt uaireadóirí cliste. Sheol Samsung a gcinn in 2013 agus tháinig go leor eile in 2014. An Meán Fómhair sin, d’fhógair Apple go seolfadh siad a n-uaireadóir cliste in 2015. Sa lá atá inniu ann, is iad Apple agus Fitbit na príomhpháirtithe sa mhargadh smartwatch, deir saineolaithe smartwatch. Tá neart iomaíochta acu, ar ndóigh, go príomha ó ghnólachtaí leictreonaice eile (Samsung, Suunto, LG, Garmin, srl.). Ach freisin, ó lucht a ndéanta traidisiúnta. Is éard atá i gceist le huaireadóir cliste scáil

Comórtas na Masters 2021 - Ross

Is é an Masters an comórtas gailf is cáiliúla ar domhan. Bíonn an comórtas ar siúl gach bliain i mí Aibreáin. Bíonn an comórtas ar siúl i Augusta National an cúrsa gailf is fearr ar domhan! Thosaigh an Comórtas ar an 8 Aibreán. Mar is gnách d’oscail siad an comórtas leis an searmanas oscailte a bhíonn ar siúl gach bliain. Is é an traidisiún leis an searmanas ná gur bhuail Gary Player agus Jack Nicholas na chéad liathróidí don Chomórtas. Tá Jack agus Gary ar cheann de na galfairí is fearr riamh. I mbliana bhí fear darbh ainm Lee Elder. Is é Lee Elder an chéad duine le craiceann dubh a d’imir sna Máistrí agus bhí baint aige leis an searmanas oscailte ón bhliain seo chun tacaíocht a thaispeáint chun an ciníochas a stopadh.  Chuir Hideki Matsuyama dhá bhabhta deiridh iontacha le chéile ag an Augusta National chun Máistreacht 2021 a bhuachan. Chríochnaigh an galfaire Seapánach chun tosaigh ar Will Zalatoris sa dara háit. Bhí babhta ceannais 73 aige le críochnú le scór 10 faoi par, buille am

Cén fáth go bhfuil Cártaí Grafaice chomh daor? - Eoin

Roimh an Nollaig tháinig cártaí grafaicí nua ó NVIDIA amach agus bhí iontas ar gach duine cé chomh maith agus a bhí siad, bhí siad an-saor dá gcumhacht freisin. Tugadh sraith RTX 30 ar an tsraith nua cártaí seo agus bhí 5 chineál cárta sa tsraith seo, tugtar RTX 3060, 3070, 3080 agus RTX 3090. Nuair a tháinig siad amach díoladh iad uile laistigh de chúpla lá. Bhí plean ag daoine a lán cártaí a cheannach agus ansin iad a dhíol ar phraghas níos airde chun brabús a dhéanamh. Mar gheall air seo bhí an t-éileamh níos mó ná an soláthar agus ansin d’ardaigh na cuideachtaí cárta grafaicí na praghsanna freisin. Nuair a tháinig an RTX 3090 amach bhí praghas air ag € 1,000, anois tá praghas de € 3,000 + air.

Prionsa Philip - Leah

Is scéal brónach a bhí ann ó Phálás Buckingham an 9ú Aibreán, nuair a fógraíodh go raibh an Prionsa Philip tar éis bháis. Bhí an Prionsa Philip 99 bliain d’aois nuair a d’éag sé. Níl a fhios againn go díreach conas a fuair sé bás ach bhí sé san ospidéal ar feadh beagán níos lú ná 2 mhí agus bhí lialanna ar a chroí aige. Rugadh é ar 10 Meitheamh, 1921. Bhí an Prionsa Philip agus an Bhanríon Eilís pósta ar feadh 73 bliana, bhí ceathrar clainne acu, 8 garpháistí agus 10 garpháistí. Ba Phrionsa na Gréige agus na Danmhairge é sular phós sé an Bhanríon Eilís. Bhí ceathrar deirfiúracha aige. Chaith sé tamall sa chabhlach agus throid sé sa Dara Cogadh Domhanda. Sílim ag am mar seo, go bhfuil sé tábhachtach do cheannaire na hÉireann seasamh go láidir agus meas a léiriú ar an bhfear seo. Tá sé riachtanach gur féidir linn ar fad mar thíortha difriúla comhbrón a dhéanamh leo. Beidh a shochraid ar 17ú Aibreán agus beidh sé ar an teilifís ionas go mbeidh gach duine in ann é a fheiceáil. Síocháin shí

Sliabh Everest - Aisling

Is rud an-dáinséarach é chun iarracht a dhéanamh sliabh Everest a dhreapadh. Fuair os cionn 300 duine bás agus iad ag déanamh iarracht mullach Everest a bhaint amach agus tá roinnt de na choirp sin fós scaipthe timpeall an sliabh. Fuair an chuid is mó de na daoine sin bás tar éis an ‘Death Zone’ atá thart ar 26,000 troigh in airde, a shroicheadh de bharr go bhfuil sé i bhfad níos deacra chun analú in atmaisféar an mhullaigh. Seo cúpla scéal iomráiteach a bhaineann le Sliabh Everest. Green boots: Is dócha gurb é ‘Green boots’ nó Tsewang Paljor an corp is cáiliúla atá fós thuas ar Everest. Sa bhlian 1996 fuair an dreapadóir Indach bás leis an bhfuacht agus é ag dreapadh an sliabh ollmhór. Tar éis a bháis, d’úsáid daoine a chorp mar chomhartha chun a chuid dul chun cinn a mheasú. Ta corp ‘Green boots’ suite gar le phluais agus tá a fhios ag gach duine cé atá ann de bharr na buataisí glasa atá ar a chosa. Go dtí an lá atá inniu ann tá corp Green Boots le feiceáil agus tú ag déanamh do thur