Skip to main content

Posts

Showing posts from December 13, 2020

Mo Thuras go Nua-Eabhrac - Eimear

An Nollaig seo caite, roimh an dianghlasáil, d'éirigh liom féin agus mo chlann dul go dtí Nua-Eabhrac. Bhí sé an-mhaith. Thóg an eitilt thart ar seacht uair an chloig agus cheap mé nach bhfaigheadh mé den eitleán go deo! B'fhiú é áfach, bhí an chathair go hiontach. Níor chreid mé cé chomh hard is a bhí na foirginimh agus bhí soilse geala gach áít, ach go háirthe ar Times Square . D'fhan mo chlann in Óstán Watson , a bhí díreach in aice le Fifth Avenu e agus dhá nóiméad siúlóide ó Central Park . D’fhan roinnt daoine cailiúla ansin, cosúil leis na Beatles. D'fhan muid ann ar feadh seachtaine. Rinne muid go leor siopadóireachta agus chuaigh muid go dtí roinnt maith bialainne éagsúla. Ba é an bhialann is fearr liom a chuaigh muid go dtí ná an Stardust Diner. Chuaigh muid ansin ar feadh bricfeasta ar dhá mhaidin. Tá an diner seo in aice le Broadway agus bíonn na freastalaithe ag canadh ann. Tugann an diner tacaíocht dóibh lena n-aisteoireacht agus canadh ag súil go ngeob

Jú-Jiotsú Brasaíleach - Barra

Is éard is Jú-Jiotsú Brasaíleach ann ná ealaín comhraic a thagann ón mBrasaíl go nádúrtha. Cruthaigh Helio Gracie é in 1928 mar gheall nach raibh cead aige Jú-Jiotsú Seapíneach a chleachtadh mar gheall bhí sé níos lú ná na daoine eile. Bhí sé ag iarraidh a bheith ábalta Jú-Jiotsú a chleachtadh lena dheartháireacha, agus de bharr sin, d’athraigh sé na céimeanna sa spóirt ionas go mbeidh siad níos éifeachtúil. Ag úsáid a mhodh troda nua, bhí sé ábalta troid a bhuachaintin aghaidh an dornálaí cáíliúil ag an am, Antonio Portugal. Sa lá atá inniu ann tá ardmheas ar Jú-Jiotsú Brasaíleach mar cheann de na healaín comhraic is éifeachtúla mar is féidir leat é a úsáid in aghaidh duine atá níos láidre, níos cumhachtaí agus in aghaidh duine a bhfuil níos mó fuinnimh acu i gcomparáid leatsa. Is ealaín "téigh i ngleic" é Jú-Jiotsú agus is éard atá i gceist le sin ná bíonn roinnt mhaith dhó ag tarlú ar an talamh agus tú ag cur do chéile comhraic in áiteanna coirp atá thar a bheith mí-chompó

Na cúrsaí gailf is fearr i mBaile Átha Cliath - Ross

Is iomaí cúrsa gailf iontach atá timpeall na háite seo i mBaile Átha Cliath. Cé go bhfuil siad dúnta anois mar gheall ar srainta covid19, nuair a osclaítear iad arís go luath, beidh sos maith fáighte acu don slua mór a bheidh ag dul amach orthu!  1) Port Mearnóg (Cúrsa Craoibhe) Is é cúrsa gailf Port Mearnóg an cúrsa gailf is fearr i mBáile Átha Cliath de réir na staitisticí. Is iontach an cúrsa é mar gheall ar an suíomh, gur cúrsa dumhcha é agus mar gheall ar an deacracht a bhaineann leis.  2) An tOileán -Is cúrsa gailf é an tOileán nó the Island atá lonnaithe i nDomhnach Bat. Tá sé ar an dara cúrsa is fearr sa chontae mar gheall go bhfuil sé an-dúshlánach mar chúrsa. 3) Port Mearnóg -Tá an cúrsa seo ina dhearthair beag don chéad chúrsa i bPort Mearnóg ach fós, is cúrsa iontach é ó thaobh go n-úsáideann siad an talamh nádurtha atá ann agus gur cúrsa dumhcha é. 4) Baile Átha Cliath Ríoga - Tá an cúsa seo lonnaithe ar Oileán an Bhulla nó Bull Island i gcuan Bhaile Átha Cliath. Tá talamh

Podchraoladh #4 - Agallamh le Máire Treasa Ní Cheallaigh - Cian, Eimear, Luke, Caoimhe C

San eagrán is déanaí de Phodchraoladh Ardán na Feóire,  atá mar pháirt de Bhliain na Gaeilge ón ETBI,  déanann Cian, Eimear, Luke agus Caoimhe C dreas cainte le Máire Treasa Ní Cheallaigh ó Performance MT agus Newstalk.  Is beag áit nach bhfuil Máire Treasa le fáil na laethanta seo mar gheall ar a cuid oibre leis na meáin mar iriseoir agus mar chraoltóir. Is síceolaí spóirt í Máire Treasa chomh maith agus i láthair na huaire, tá sí leath bealaigh tríd a céim dochtúra a dhéanamh. Is féidir éisteacht leis an bPodchraoladh ag an nasc seo thíos: https://open.spotify.com/episode/7G8EwmQbktW8ejFZw94By1?si=QGBUoDxHR0G0LigjvJ3wyQ

Na Siopaí d'Éadaí Compordacha a fháil an Nollaig - Caoimhe O

Caitheann muid go léir eadaí compordacha ó lá go lá agus seo liosta a chuir mé le chéile do shiopaí ar líne agus siopaí cearta a dhíolann eadaí compordacha iontacha. • As chéad áit atá iontach ná an siopa Urban Outfitters. Is siopa iontach é seo le go leor dearthaí deasa do gheansaithe agus brístí compordacha le caitheamh sa teach nó amuigh. Seo an seoladh má tá tú ag iarradh rudaí deasa a fháil duit féin nó duine eile an nollaig seo . https://www.urbanoutfitters.com/ • Áit eile chun siopadóireacht a dhéanamh an nollaig seo ná Zara. Is siopa é seo atá íontach do gach saghas éadaí ach freisin do bhríste reatha ach go háirithe. Téigh go: https://m.zara.com • An siopa deireanach ná Pull & Bear. Déanann siad geansaithe iontacha ag aon am don bhliain. Tá siad go léir an-deas agus is bronntanas iontach iad do dhuine ó aon aois an bhliain seo. https://www.pullandbear.com/

Cáca Muga Oreo - Niall

Seo oideas thar a bheith éacsa chun an "Cáca Muga Oreo" a dhéanamh duit féin! Oideas le haghaidh duine amháin   Am: 3-4 nóiméad Earraí agus Oideas: • 4-5 Oreo (briste suas) • ¼ cupán bainne • Spúnóg de súcra Modh 1. Cuir na hOreo i mála ziplock agus déan iad a bhriseadh ina bpíosaí beaga bídeacha. Déan cinnte nach bhfuil aon phíosa fágtha le chéile. 2. Cuir na hearraí ar fad i gcupán atá sábháilte sa mhicreathonn agus déan iad a mheascadh ar feadh cúpla soicind. 3. Cuir an cupán leis na hearraí ar fad sa mhicreathonn ar feadh 2 nóiméad 4. Bain taitneamh as do cháca! Is bia éasca agus compórdach é seo gur féidir a dhéanamh gan mórán earraí agus mar sin, bíonn na hearraí atá ag teastáil timpeall na háite go minic. Ithim an cáca seo go minic agus tá sé go hiontach le cúpán seacláid the.

Carranna Leictreacha: Buntáistí agus Míbhuntáistí - Luke

Mar is eol do gach duine, tá athrú aeráide mór ag tarlú faoi láthair. Ceann de na fáthanna is mó leis seo ná gasanna ceaptha teasa inár atmaisféar. Scaoileann Éire an tríú méid is mó co2 in Eoraip gach lá. Tagann 44% de na gasanna ceaptha teasa as carranna peitril nó díosal. Laghdódh 43% de na gasanna ceaptha teasa a scaoiltear in Éirinn gach lá dá n-úsáideadh gach duine carr leictreach (FSS). Sa bhlag seo beidh mé ag dul tríd na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le carranna leictreach. Buntáistí • Tá carranna leictreach i bhfad níos fearr don timpeallacht ná carranna peitril. Níl fiú sceithchóras ag carranna leictreach, rud a chialaíonn níl aon astaíocht acu. Agus ós rud é gur cúis mhór iad feithiclí le gasanna ceaptha teasa inár atmaisféar , is féidir le ag athrú chuig car leictreach cabhrú go mór chun glan an aer agus chun an plainéad seo a dhéanamh níos sláintiúla. De réir an Sustainable Energy Authority of Ireland, tá an astaíocht gach km ó ag tiomáint carr leicreach i bh