Is iomaí cúrsa gailf iontach atá timpeall na háite seo i mBaile Átha Cliath. Cé go bhfuil siad dúnta anois mar gheall ar srainta covid19, nuair a osclaítear iad arís go luath, beidh sos maith fáighte acu don slua mór a bheidh ag dul amach orthu!
1) Port Mearnóg (Cúrsa Craoibhe)
Is é cúrsa gailf Port Mearnóg an cúrsa gailf is fearr i mBáile Átha Cliath de réir na staitisticí. Is iontach an cúrsa é mar gheall ar an suíomh, gur cúrsa dumhcha é agus mar gheall ar an deacracht a bhaineann leis.
2) An tOileán
-Is cúrsa gailf é an tOileán nó the Island atá lonnaithe i nDomhnach Bat. Tá sé ar an dara cúrsa is fearr sa chontae mar gheall go bhfuil sé an-dúshlánach mar chúrsa.
3) Port Mearnóg
-Tá an cúrsa seo ina dhearthair beag don chéad chúrsa i bPort Mearnóg ach fós, is cúrsa iontach é ó thaobh go n-úsáideann siad an talamh nádurtha atá ann agus gur cúrsa dumhcha é.
4) Baile Átha Cliath Ríoga
- Tá an cúsa seo lonnaithe ar Oileán an Bhulla nó Bull Island i gcuan Bhaile Átha Cliath. Tá talamh nádurtha an oileáin déanta as gainneamh a chruthaigh chúrsa dumhcha iontach.
5) Caisleán Luttrellstown
Is é seo an t-aon chúrsa nach cúrsa dumhcha é ar an liosta seo ach mar sin féin, is cúrsa álainn é seo agus tá sé thar a bheith dúshlánach. Leis na lochanna agus leis na crainnte ar fad, níl sé éasca ar chor ar bith.
Comments
Post a Comment