Skip to main content

Mo Thuras go Nua-Eabhrac - Eimear

An Nollaig seo caite, roimh an dianghlasáil, d'éirigh liom féin agus mo chlann dul go dtí Nua-Eabhrac. Bhí sé an-mhaith. Thóg an eitilt thart ar seacht uair an chloig agus cheap mé nach bhfaigheadh mé den eitleán go deo! B'fhiú é áfach, bhí an chathair go hiontach.




Níor chreid mé cé chomh hard is a bhí na foirginimh agus bhí soilse geala gach áít, ach go háirthe ar Times Square. D'fhan mo chlann in Óstán Watson, a bhí díreach in aice le Fifth Avenue agus dhá nóiméad siúlóide ó Central Park. D’fhan roinnt daoine cailiúla ansin, cosúil leis na Beatles. D'fhan muid ann ar feadh seachtaine.


Rinne muid go leor siopadóireachta agus chuaigh muid go dtí roinnt maith bialainne éagsúla. Ba é an bhialann is fearr liom a chuaigh muid go dtí ná an Stardust Diner. Chuaigh muid ansin ar feadh bricfeasta ar dhá mhaidin. Tá an diner seo in aice le Broadway agus bíonn na freastalaithe ag canadh ann. Tugann an diner tacaíocht dóibh lena n-aisteoireacht agus canadh ag súil go ngeobhaidh siad ar ról ar Broadway. Tá beagnach gach duine atá ar Broadway anois tar éis a bheith ag obair i Stardust.


Ar an triú lá chuaigh mé féin agus mo chlann chun The Phantom of the Opera a fheiceáil ar Broadway. Bhí sé go hiontach agus an píosa is fearr liom den turas ar fad. Bhí na hamhránaithe go hiontach agus bhí an stáiste chomh deas, cheapfá go raibh tú ann.


Bhí muid ansin ar feadh oíche chinn blhiana agus bhí an chathair plódaithe. Chuir muid áit in áirithe i dteach tabhairne ar Times Square chun titim na liathróide nó an Ball Drop a fheiceáil. Bhí an t-atmaisféar go hiontach.


Comments

Postálacha Móréilimh

Athbhreithniú ar 2020 - Eve

 Athbhreithniú 2020 Aontaíonn gach duine nuair a deirim go mbraitheann 2020 mar 10 mbliana brúite isteach i gceann amháin. Tharla an oiread sin rudaí i mbliana. Táim cinnte go ndearna mórchuid na ndaoine dearmad ar a leath acu. Seo blaiseadh den méid a tharla in 2020: Tinte scrobarnach san Astráil. Thosaigh siad i mí na Nollag 2019 agus rinne siad caoineadh isteach sa bhliain nua. Dódh 47 milliún acra, fuair 34 bás agus díláithríodh na mílte. D’fhág an Prionsa Harry agus Meghan Markle an teaghlach ríoga. Painéal Covid-19. Ar 19 Eanáir d’fhógair an ‘World Health Organisation’ go raibh víreas marfach darb ainm ‘Coronavirus’ díreach tagtha chun cinn ó Wuhan, an tSín. Tá an víreas scaipthe ar fud an domhain, le 69.6 milliún cás agus 1.58 milliún bás ar a laghad. Fuair ​​Kobe Bryant agus a iníon bás le seachtar eile, nuair a bhí timpiste ag an héileacaptar a raibh siad ag taisteal ann an 26 Eanáir. Impeachment an Uachtaráin Donald Trump. Fuair ​​Trump iomardú i mí Eanáir chun fiosrú a d...

Binn Éadair - Eve

I mbliana, chuaigh grúpa mac léinn go Binn Éadair leis an scoil chun imeachtaí a dhéanamh san Idirbhlian le haghaidh bliain na Gaeilge ón ETBI.  D'fhág muid an scoil go luath ar maidin ar bhus agus thug an bus muid chun an bhaile, agus is ansin bhíomar ag súil leis an tsiúlóid 3.5 míle go teach solais Bhinn Éadair agus ar ais arís chun an bhaile. Bhí an tsiúlóid cineál deacair ach bhain mé taitneamh as mar bhí mé le mo chairde.  Bhíomar ag caint agus ag gáire an bealach ar fad. Nuair a shroicheamar ar ais sa bhaile bhí cead againn le breathnú timpeall orainn féin agus bia a fháil. Fuair mo chara eile agus mé fhéin sceallóga, bhí siad an-bhlasta ach is beag nár ionsaíodh muid do na sceallóga ag na faoileáin. Ach sa deireadh, bhíomar ar ais ar an mbus ag taisteal ar ais ar scoil, sásta ach tuirseach.

Ceardlann Podchraoltóireachta - Eimear

Le linn Bhliain na Gaeilge i mbliana, bíonn sé deacair imeachtaí a dhéanamh ach tá a lán rudaí suimiúla á ndéanamh ag mo scoil. Bhain mé an-taitneamh as an gceardlann podchraoltóireachta a rinne muid. Cuireadh mé i ngrúpa le cuid de mo chairde agus rinneamar é ar Zoom, d’éist muid le go leor podchraoltaí éagsúla agus d’fhoghlaimíomar conas ár bpodchroladh féin a thaifeadadh. Mhair sé dhá lá thar Zoom, ach de ghnáth ar scoil maireann sé lá scoile. Taitníonn ár bpodchraoladh ranga Ardán na Feóire liom agus mar sin, scríobh agus thaifeadamar ár bpodchroladh féin. Rinneamar eagarthóireacht freisin. Bhí orainn ceol inteoir a athmhúnlú ag úsáid an aip Bandlab. Ba é an ceol a dhéanamh an píosa ab fhearr liom. Bhí mo phodchraoladh faoi na cúig mhiotais Ghréagacha is fearr liom. Ba dheacair é seo a chur in eagar agus a thaifeadadh ach ba mhór an spraoi é. Bhain mé taitneamh as a bheith ag éisteacht le podchraoltaí mo chairde, cuid acu taifeadta le chéile. Ba bhreá liom podchraoladh a thosú le m...