Is éard is Jú-Jiotsú Brasaíleach ann ná ealaín comhraic a thagann ón mBrasaíl go nádúrtha. Cruthaigh Helio Gracie é in 1928 mar gheall nach raibh cead aige Jú-Jiotsú Seapíneach a chleachtadh mar gheall bhí sé níos lú ná na daoine eile.
Bhí sé ag iarraidh a bheith ábalta Jú-Jiotsú a chleachtadh lena dheartháireacha, agus de bharr sin, d’athraigh sé na céimeanna sa spóirt ionas go mbeidh siad níos éifeachtúil. Ag úsáid a mhodh troda nua, bhí sé ábalta troid a bhuachaintin aghaidh an dornálaí cáíliúil ag an am, Antonio Portugal.
Sa lá atá inniu ann tá ardmheas ar Jú-Jiotsú Brasaíleach mar cheann de na healaín comhraic is éifeachtúla mar is féidir leat é a úsáid in aghaidh duine atá níos láidre, níos cumhachtaí agus in aghaidh duine a bhfuil níos mó fuinnimh acu i gcomparáid leatsa.
Is ealaín "téigh i ngleic" é Jú-Jiotsú agus is éard atá i gceist le sin ná bíonn roinnt mhaith dhó ag tarlú ar an talamh agus tú ag cur do chéile comhraic in áiteanna coirp atá thar a bheith mí-chompórdach nó á dtachtadh go dtí nach bhfuil siad ábalta thú a ghortú nó troid níos mó gan iad a ghortú go dona, ar ndóigh.
Comments
Post a Comment