D’fhoghlaim mé conas físeán ceoil a dhéanamh agus bhí deis againn ár bhfíseán ceoil féin a dhéanamh. Bhí beirt leas-stiúrthóir i gceannas ar an gcúrsa agus d’oibrigh duine acu ar an scannán ‘Bridget Jones’s Diary’.
D’fhoghlaim mé faoi na huillinneacha éagsúla a úsáidtear chun scannán nó clár a chur le chéile, mar shampla úsáidtear an uillinn ‘thar an ghualainn’ chun na peirspictíochtaí éagsúla a thaispeáint agus úsáidtear an ‘lámhaigh gar’ chun an raon mothúchán atá ar taispeáint a thaispeáint aghaidh an aisteora.
Tar éis dúinn foghlaim faoi na huillinneacha éagsúla agus an obair a bhí déanta ag an mbeirt leas-stiúrthóir ar roinnt tionscadal éagsúil, tugadh cead dúinn smaointe a fháil faoin gcineál fís a theastaigh uainn a dhéanamh inár ngrúpaí. Bhí rogha againn idir teachtaireacht nuachta, clár faisnéise agus físeán ceoil a dhéanamh. Phioc mo ghrúpa físeán ceoil a dhéanamh don amhrán ‘You Belong with me’ le Taylor Swift. Chuamar timpeall na scoile agus thaifeadamar leis an aip iMovie ar an ipad. D'úsáidamar tripod chun an leibhéal ipad a choinneáil. Nuair a chríochnaigh muid ag taifeadadh rinneamar eagarthóireacht ar na físeáin a bhí tógtha againn agus chuireamar iad uile le chéile chun an físeán ceoil a chruthú.
Bhain mé an-taitneamh as an gcúrsa seo mar bhí deis agam rud éigin nua a thriail nach raibh déanta agam roimhe seo.
Comments
Post a Comment