Skip to main content

Sliabh Everest - Aisling

Is rud an-dáinséarach é chun iarracht a dhéanamh sliabh Everest a dhreapadh. Fuair os cionn 300 duine bás agus iad ag déanamh iarracht mullach Everest a bhaint amach agus tá roinnt de na choirp sin fós scaipthe timpeall an sliabh. Fuair an chuid is mó de na daoine sin bás tar éis an ‘Death Zone’ atá thart ar 26,000 troigh in airde, a shroicheadh de bharr go bhfuil sé i bhfad níos deacra chun analú in atmaisféar an mhullaigh. Seo cúpla scéal iomráiteach a bhaineann le Sliabh Everest.


Green boots: Is dócha gurb é ‘Green boots’ nó Tsewang Paljor an corp is cáiliúla atá fós thuas ar Everest. Sa bhlian 1996 fuair an dreapadóir Indach bás leis an bhfuacht agus é ag dreapadh an sliabh ollmhór. Tar éis a bháis, d’úsáid daoine a chorp mar chomhartha chun a chuid dul chun cinn a mheasú. Ta corp ‘Green boots’ suite gar le phluais agus tá a fhios ag gach duine cé atá ann de bharr na buataisí glasa atá ar a chosa. Go dtí an lá atá inniu ann tá corp Green Boots le feiceáil agus tú ag déanamh do thuras chuig an mullach.

David Sharp: Ba é seo an tríú thuras ar sliabh Everest do David Sharp. Rinne Sharp iarracht Sliabh Everest a dhreapadh dhá uair roimhe seo ach níor éirigh leis agus bhí ar casadh a. Ar aisr an 13ú Bealtaine , thosaigh Sharp a thuras chuig an mullach. Rinne Sharp an cinneadh chun an turas a dhéanamh ina aonar agus nach raibh sé chun aon buidéal ocsaigin a thógáil leis. Dúirt roinnt dreapadóirí eile go bhfaca siad Sharp ag áiteanna áirithe i rith an lae agus iad ag déanamh an turais. Níl a fhios ag aon duine ar éirigh le David barr na sléibhe a bhaint amch, ach tá fhios againn gur thosaigh sé ag teacht anuas.

Níor shroic David Sharp íochar na sléibhe arís, áfach. Bhí grúpa dreapadóirí ag déanamh a dturais suas an sliabh nuair a shroic siad an phluais ina raibh corp Green Boots , ach bhí ionadh orthu nuair a chonaic siad nach raibh Green Boots leis féin. Bhí David Sharp ansin chomh maith, préachta leis an bhfuacht , ina shuí lena láimhe timpeall a ghlúine. Cheap na dreapadóirí go raibh sé i gcóma , ach níor ghlaoigh siad le haghaidh aon duine chun teacht suas chun cabhrú leis, shiúl siad ar aghaidh agus d’fhág siad é gan aon chabhair, ar tí bháis. Chonaic thart ar 40 duine Sharp agus iad ag dreapadh suas an sliabh ach níor stop aon duine chun cabhrú leis. Fuair David Sharp bás an lá sin.

Tá a lán conspóide bainteach leis an scéal seo. Ceapann a lán daoine gur ba chóir gur stopadh duine chun cabhrú le David , seans go mbeadh sé beo dá dtabharfadh duine ocsaigin dó. Ceapann roinnt daoine eile nach raibh aon seans aige chun teacht slán agus deireann siad go raibh an ceart ag na dreapadóirí gan cabhrú leis, de bharr go gcuirfeadh sé am amú.

Dá mba rud é go raibh tusa i láthair an lá sin agus chonaic tú Sharp, ar tí a bháis, an gcabhróidh tú leis? An bhfadfadh tú leis le cinnte a dhéanamh go raibh sé ceart go leor? Nó an gcoinneodh tú ort ag siúl?

Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.