An gcuireann do sheomra leapa leadrán ort? Má chuireann seo cupla rud gur féidir leat a dhéanamh chun é a athrú.
1. Pictúir: Is féidir pictuirí bheaga a phriontáil amach ó Pinterest nó ó do cheamara féin agus iad a eagrú go deas i gcolláis deas ar bhalla amháin i do sheomra. Cruthaíonn seo príomhmhír i do sheomra atá pearsanta duit mar rinne tú é le pictúirí a thaitníonn leatsa. Freisin is féidir colláis réamhdéanta a cheannach ar: https://www.shoptezza.com/collections/collage-kit
2. Péinteáil: Uaireanta breathnaíonn do sheomra leapa go hiomlán difriúl má chuireann tú dath péint difriúl ar na ballaí nó an troscán. Má bhreathnaíonn do sheomra an-bheag cuir péint géal ar na ballaí ansin breathnaíonn sé níos mó. Má tá do leaba nó aon troscán i do sheomra sean agus breathnaíonn sé go dona is féidir iad a phéinteál agus feicfidh siad nua. Tá sé seo i bhfad níos saoire ná troscán nua a cheannach.
3. Soilsí beaga LED: Cuir soilsí beaga LED i do sheomra chun atmaisfear compordach a chruthú mar níl tú ag iarraidh soilse garbh i do sheomra leapa. Is féidir soilsí feadán LED a athraíonn dath le Bluetooth a fháil ar Amazon do phraghas saor le cuir ar an imeall idir na ballaí agus an síleáil nó soilsí síoga a fháil i Penneys le crochadh ar do leaba nó ar an mballa leis an gcolláis pictiúr.
Comments
Post a Comment