Skip to main content

Na cluichí Nintendo is fearr - Eimear

Ta Nintendo ar cheann de na comhlachtaí cluich ríomhaireachta is fearr ar domhan leis na céadta cluiche, ach céard iad na cinn is fearr?



Is aoibhinn liom an comhlacht Nintendo, déanann siad cluichí iontacha don chlann ar fad. Táim tar éis a bheith ag imirt a gcluichí ó bhí mé i mo pháiste óg ar an wii agus fós imríonn iad ar an Switch.


Is é an chéad chluiche nó sraith cluichí atá faoi bhráid anseo ná The Legend of Zelda. Seo sraith cluichí a insíonn an scéal den ridire Link atá ag iarraidh an banphrionsa Zelda a chosaint agus an tír Hyrule ó GanonGanondorf, draoi olc. Is é an cluiche ar a bhfuil an móreileamh is mó sa tsraith seo ná Legend of Zelda: Breath of the Wild, a dhíol 14.27 milliún cóip, seo an cluiche is déanaí sa tsraith.


Is é an dara sraith cluichí is fearr ar NintendoSuper Mario. Is cluiche ardán é seo, imríonn tú tríd roinnt maith leibhéal difriúl leis an bpluiméir  Mario, atá ag déanamh iarrachta banphrionsa Peach a shábháil ón turtar Bowser a d’fhuadaigh í. Is é an cluiche is cailiúla sa straith seo ná Super Mario 64 a dhíol 12 milliún cóip. Tháinig an cluiche seo amach sa bhliain 1996 ar an Nintendo 64. Bhí na grafaicí ar cheann de na cinn ab fhearr i gcluiche ríomhaireachta ag an am sin.


Is é an tsraith cluichí deirneach a bheidh á phlé ná Animal Crossing. Is cluiche deas suaimhneach é seo. Tógann tú d'oileáin nó baile féin agus cuireann tú na ainmhithe a chónaíonn ar d’oileán in aithne. Is iad na cluichí a bhfuil na móréílieamh is mó acu sa tsraith seo ná Animal Crossing: New Leaf le 3.86 milliún díolacháin ar an DS agus Animal Crossing: New Horizons a raibh an-mhóréileamh air i rith dianghlasála nuair a tháinig sé amach,

Comments

Postálacha Móréilimh

Athbhreithniú ar 2020 - Eve

 Athbhreithniú 2020 Aontaíonn gach duine nuair a deirim go mbraitheann 2020 mar 10 mbliana brúite isteach i gceann amháin. Tharla an oiread sin rudaí i mbliana. Táim cinnte go ndearna mórchuid na ndaoine dearmad ar a leath acu. Seo blaiseadh den méid a tharla in 2020: Tinte scrobarnach san Astráil. Thosaigh siad i mí na Nollag 2019 agus rinne siad caoineadh isteach sa bhliain nua. Dódh 47 milliún acra, fuair 34 bás agus díláithríodh na mílte. D’fhág an Prionsa Harry agus Meghan Markle an teaghlach ríoga. Painéal Covid-19. Ar 19 Eanáir d’fhógair an ‘World Health Organisation’ go raibh víreas marfach darb ainm ‘Coronavirus’ díreach tagtha chun cinn ó Wuhan, an tSín. Tá an víreas scaipthe ar fud an domhain, le 69.6 milliún cás agus 1.58 milliún bás ar a laghad. Fuair ​​Kobe Bryant agus a iníon bás le seachtar eile, nuair a bhí timpiste ag an héileacaptar a raibh siad ag taisteal ann an 26 Eanáir. Impeachment an Uachtaráin Donald Trump. Fuair ​​Trump iomardú i mí Eanáir chun fiosrú a d...

Binn Éadair - Eve

I mbliana, chuaigh grúpa mac léinn go Binn Éadair leis an scoil chun imeachtaí a dhéanamh san Idirbhlian le haghaidh bliain na Gaeilge ón ETBI.  D'fhág muid an scoil go luath ar maidin ar bhus agus thug an bus muid chun an bhaile, agus is ansin bhíomar ag súil leis an tsiúlóid 3.5 míle go teach solais Bhinn Éadair agus ar ais arís chun an bhaile. Bhí an tsiúlóid cineál deacair ach bhain mé taitneamh as mar bhí mé le mo chairde.  Bhíomar ag caint agus ag gáire an bealach ar fad. Nuair a shroicheamar ar ais sa bhaile bhí cead againn le breathnú timpeall orainn féin agus bia a fháil. Fuair mo chara eile agus mé fhéin sceallóga, bhí siad an-bhlasta ach is beag nár ionsaíodh muid do na sceallóga ag na faoileáin. Ach sa deireadh, bhíomar ar ais ar an mbus ag taisteal ar ais ar scoil, sásta ach tuirseach.

Ceardlann Podchraoltóireachta - Eimear

Le linn Bhliain na Gaeilge i mbliana, bíonn sé deacair imeachtaí a dhéanamh ach tá a lán rudaí suimiúla á ndéanamh ag mo scoil. Bhain mé an-taitneamh as an gceardlann podchraoltóireachta a rinne muid. Cuireadh mé i ngrúpa le cuid de mo chairde agus rinneamar é ar Zoom, d’éist muid le go leor podchraoltaí éagsúla agus d’fhoghlaimíomar conas ár bpodchroladh féin a thaifeadadh. Mhair sé dhá lá thar Zoom, ach de ghnáth ar scoil maireann sé lá scoile. Taitníonn ár bpodchraoladh ranga Ardán na Feóire liom agus mar sin, scríobh agus thaifeadamar ár bpodchroladh féin. Rinneamar eagarthóireacht freisin. Bhí orainn ceol inteoir a athmhúnlú ag úsáid an aip Bandlab. Ba é an ceol a dhéanamh an píosa ab fhearr liom. Bhí mo phodchraoladh faoi na cúig mhiotais Ghréagacha is fearr liom. Ba dheacair é seo a chur in eagar agus a thaifeadadh ach ba mhór an spraoi é. Bhain mé taitneamh as a bheith ag éisteacht le podchraoltaí mo chairde, cuid acu taifeadta le chéile. Ba bhreá liom podchraoladh a thosú le m...