Is comórtas iománaíochta bliantúil é Craobh Iomána Sinsearach Uile-Éireann a bhunaigh an Cumann Lúthchleas Gael in 1887. Thosaigh an chraobh ar an dara lá de Mhí Iúil 1887 agus chríochnaigh sé ar an gcéad lá de Mhí Aibreáin 1888. Bronntar corn Liam Mhic Charthaigh ar na buaiteoirí chuile bliain.
Cén uair a mbeidh sé ar siúl i mbliana?
Thosaigh craobh Iomána na hÉireann ar an 24ú Deireadh Fómhair agus críochnóidh sé ar an 13ú de mhí na Nollag. Is é seo an chéad bhliain a cuireadh moill le tús an chomórtais ó thosaigh sé i 1887. Cuireadh moill air de bharr Covid-19. Níor lig an rialtas d’aon spóirt dul ar aghaidh le linn dianghlasála.
Difríochtaí i mbliana le Craobh iomána na hÉireann:
An bhliain seo beidh roinnt difríochtaí ann, Níl cead ag aon lucht féachana ag na cluichí, Tá siad ag baint úsáid as sliotar buí don céhad uair riamh agus leath bealach tríd gach leath bíonn sos uisce acu. De ghnáth bíonn lán an tí acu sa chraobh ach ní bheidh sin i gceist an bhliain seo. Leanann an sos uisce ar aghaidh ar feadh nóiméad amháin agus ansin téann na himreoirí ar ais amach ar an bpáirc. Tá siad ag baint úsáid as an sliotar buí mar tar éis taighde agus a lán fiosrúcháin a dhéanamh, tá sé i bhfad níos éasca an sliotar a fheiceáil. An t-aon difríocht ann ná dath an sliotar.
Comments
Post a Comment