Skip to main content

Laoch ar Lár - Diego Maradona - Cathal

Imreoir agus bainisteoir peile proifisiúnta Airgintíneach ab ea é Diego Maradona. Meastar go raibh sé ar cheann de na himreoirí peile ab fhearr riamh ar an domhan. Bhí sé ar cheann den dá chomhbhuaiteoir ar ghradam FIFA Player of the 20th Century. Pelé ab ea an comhbhuaiteoir eile. 

Rugadh Diego Maradona ar an 30ú Deireadh Fómhair 1960. Le déanaí tháinig deiridh le saol Diego Maradona nuair a fuair sé bás de bharr taom croí ar 25ú Samhain 2020. D’fhás sé aníos i mbaile darbh ainm Villa Fiorito. Is cúige é Villa Fiorito i mBuenos Aires.

 


Chuir Diego Maradona tús lena ghairm idirnáisiúnta ar an 27ú Feabhra 1977, ní raibh Maradona ach 16 bliaina d’aois ag an am. D’imir Maradona 91 cluiche ar son na hAirgintíné agus scóráil sé 34 cúl agus ceann acu ar cheann de na cúil is mó cáill: an 'Hand of God’. Tharla an ‘Hand of God’ sa Chorn Domhanda 1986. Ba é Maradona captaen na foirne ag an am agus bhuaigh siad an Corn Domhanda dá bharr. Ba laoch é Diego Maradona do mhuintir na hAirgintíne. 


D’imir Maradona 589 cluiche proifisiúnta ina shaol agus scóráil sé 307 cúl san iomlán. Chaith sé roinnt dá shaol le Napoli san Iodáil, chaith sé 8 mbliana ann. Chomh maith leis sin, d'imir sé ar son FC Barcelona ar feadh dhá bliain. Chaith sé uimhir geansaí 10. 

Baistíodh na leasainmeacha ‘Pelusa’ nó 'The Golden Boy' air agus bhí grá ag Diego Maradona don spóirt fiú nuair a stop sé ag imirt. Nuair a chuaigh sé ar scor, thosaigh sé ag traenáil foireann peile níos óige ansin ar deiridh, bhí sé mar bhainisteoir ar Gimnasia de La Plata. Chomh maith leis sin, bhí sé i gceannais ar an Airgintín ar feadh dhá bliain. 

Ní bheidh a leithéid arís ann.

 

Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.