Skip to main content

Beatháisnéis Meryl Streep - Aisling

Rugadh Meryl Streep ar an 22ú lá de mhí an Mheithimh in Summit, New Jersey, sna Stáit Aontaithe Meiricéa. Is é ‘Mary Louise Streep’ an t-ainm iomlán Meryl. Thug a hathair an leasainm ‘Meryl’ uirthi nuair a bhí sí óg. Tá sí anois seachtó haon bliana d’aois. Tá ceathrar páiste aici, Mamie Gummer, Grace Gummer, Henry Wolfe agus Louisa Jacobson. Is é Don Gummer a fear céile agus phós siad sa bhliain 1978.


Thuill Streep céim MFA agus í ag freastal ar Yale School of Drama sa bhliain 1975. Tar éis di a céim ollscoile ag Yale a fháil, rinne sí a céad ról ar Broadway sa dráma ‘Trelawney of the ‘Wells’. An uair dhéarnach a chonaiceamar Streep ar an stáitse ná sa bhliain 2006 nuair a ghlac sí an príomhpháirt sa dráma ‘Mother Courage and Her Children’ i Nua Eabhrac.



An chéad scannán a ghlac Meryl páirt ann ná an scannán ‘Julia’ sa bhliain 1977 le Jane Fonda agus Vanessa Redgrave.

Bhí Meryl Streep ainmnithe le haghaidh 21 Academy Awards. Rinne sí stair leis an ngaisce mór seo de bharr gurb é sin an líon is mó ainmniúcháin atá ag aon aisteoir le haghaigh Oscar riamh.


Tá trí Academy Awards buaite aici.

· An ‘Aisteoir Tacaíochta is Fearr’ sa scannán “Kramer vs Kramer” -1980

· An tAisteoir is Fearr’ sa scannán “Sophie’s Choice”-1983

· An tAisteoir is Fearr’ sa scannán The Iron Lady’ - 2012


Ainmníodh í le haghaidh cúig Grammy chomh maith , ag cur san áireamh a cuidiú leis an bhfuaimrian le haghaidh an scannán Mamma Mia.



Tá Meryl Streep i roinnt scannáin an-cháiliúl mar shampla:


· Florence Foster Jenkins - in éineacht le Hugh Grant agus Rebecca Ferguson i 2016.

· Little Women – in éineacht le Saoirse Ronan, Timothée Chalamet agus Emma Watson sa bhliain 2019.

· The Laundromat- in éineacht le Gary Oldman, Antonio Banderas agus David Shwimmer i 2019.

· Mamma Mia - in éineacht le Amanda Seyfried, Pierce Brosnan, Julie Walters agus Stellan Skarsgard sa bhliain 2008.


Is é Mamma Mia an scánnan is fearr liom. Is aoibhinn liom an fhoireann aisteóirí agus taitníonn scéal an scannáin go mór liom. Is í Meryl Streep an t-aisteoir is fearr liom in éineacht le Julie Walters agus is iontach an rud é go bhfuil siad sa scannán seo le chéile. D’fhás mé aníos ag féachaint ar Mamma Mia agus ní chuireann sé tuirse orm riamh. Tháinig an dara scannán ‘Mamma Mia! Here We Go Again’ amach sa bhliain 2018

Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.