Skip to main content

Kendall Jenner - An Scannal is mó #1 - Leah

An gcuimhin leatsa an fógra Pepsi ó 2017? Deirtear gurb é an rud is measa riamh a rinne  Kendall Jenner agus beidh mé ag roinnt mo chuid saineolais libh faoin scannal sin inniu.

Is sármhainicín í Kendall Jenner. Rugadh í i 1995. Bhain sí cliú agus cáil amach ón gclár ‘ Keeping Up With The Kardashians’, clár réalaíoch a rith ó 2007 agus atá ar an tsraith dheireanach i mbliana. Ar an seó, feiceann muid Kendall ag dul ag obair ó aois an-óg. Ta sí tar éis siúl i go leor seóanna faisin agus is í Jenner an príomhdhuine  Adidas Originals agus ProActiv+.

 

Ach i 2017 ghlac Jenner páirt i bhfógraíocht don branda deoch bog , Pepsi, agus bhi go leor frithradadh ann nuair a chuaigh an fhógra timpeall ar líne. Is é scéal an fhógra ná go raibh Jenner ag obair agus go raibh griangrafadóir leí. Feiceann an bheirt agóid mhór taobh amuigh den fhuinneog. Téann Jenner amach agus tuhann sí faoi ndeara gur agóid don ghluaiseacht ‘ Black Lives Matter’ atá ann.  Faigheann Jenner canna pepsi, súileann sí suas ag duine de na póilíní agus tugann sí an canna dhó. Ansin bíonn gach rud ceart go leor agus bíonn gach duine sásta.

 


Bhí go leor daoine ar buile le Jenner agus Pepsi agus chuaigh isad ar Twitter chun é sin a rá leo. Bhí daoine ag rá go raibh Pepsi ag iarradh a airgid dhéanamh ag baint úsáid as an ngluaiseacht BLM agus go raibh siad mí-oiriúnach agus freisin aineolach. Nuair a bhí Pepsi ag r gáo raibh brón orthu agus go dtuigeann siad go raibh siad mí-cheart, bhí seo le rá acu, “Pepsi was trying to project a global message of unity, peace and understanding”. 


Go raibh maith agat as ucht mo bhlag a léamh. Ta súil agam gur bhain tú taitneamh as agus gur fhoghlaim tu rud éigin nua uaidh.

Cén duine mór le rá a dhéanfaidh mé plé orthu an chéadd uair eile?


Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.