Skip to main content

Beatháisnéis Timothée Chalamet - Rachel

Bíonn aisteoir amháin againn a thaitníonn go mór linn agus is é Timothée Chalamet an t-aisteoir is fearr liom. Is aisteoir Meiriceánach é atá 24 mbliana d’aois .Ta sé an-tréitheach agus an-dathúil! Bhí sé i go leor scannáin iontacha ar nós Lady Bird, Intersteller, Beautiful Boy, Little Women agus The King.




Seo 10 bhfírící faoi Timothée Chalamet:

1. Is Meiricéanach-Francach é. Tá a dhaid, Marc Chalamet ón Fhrainc agus is Meiricéanach í a mháthair, Nicole Flender.

2. Bhí a chéad ról ar scáileán i “Law & Order” sa bhliain 2008 nuair a bhí sé 13 mbliana d’aois.

3. Chuir Christopher Nolan é ina chéad phríomh ról sa scannán “Interstellar” sa bhliain 2014. Ghlac sé an ról de Tom, an leaid óg, Casey Affleck.

4. Tá sé an chéad aisteoir ar rugadh sna 1990idí a ainmníodh don aisteoir is fearr ag na hOscair in 80 bliain.

5. Rugadh é i Nua Eabhrac agus tá sé fós ina chónaí ann inniu.

6. Rugadh é ar an 27ú de mí na Nollaig 1995 agus tá sé 24 mbliana d’aois.

7. Tá a glanfhiúchas thart ar $6 milliún dollar i 2020.

8. Chuaigh sé go dtí “LaGuardia High School of Music & Art and Peforming Arts” i Nua Eabhrac.

9. Bhí ról aige i Lady Bird sa bhliain 2018 le Saoirse Ronan agus bhí ról eile aige le Saoirse Ronan i Little Women a tháinig amach i mí na Nollag 2019.

10. Bhí ról aige i “Beautiful Boy” le Steve Carrell nuair a ghlac sé páirt d'andúileach meatadón, darbh ainm Nic Sheff, a bhí 22 mbliana d’aois.  Bhí an scannán bunaithe ar beathaisnéis David Sheff.

Comments

Postálacha Móréilimh

Athbhreithniú ar 2020 - Eve

 Athbhreithniú 2020 Aontaíonn gach duine nuair a deirim go mbraitheann 2020 mar 10 mbliana brúite isteach i gceann amháin. Tharla an oiread sin rudaí i mbliana. Táim cinnte go ndearna mórchuid na ndaoine dearmad ar a leath acu. Seo blaiseadh den méid a tharla in 2020: Tinte scrobarnach san Astráil. Thosaigh siad i mí na Nollag 2019 agus rinne siad caoineadh isteach sa bhliain nua. Dódh 47 milliún acra, fuair 34 bás agus díláithríodh na mílte. D’fhág an Prionsa Harry agus Meghan Markle an teaghlach ríoga. Painéal Covid-19. Ar 19 Eanáir d’fhógair an ‘World Health Organisation’ go raibh víreas marfach darb ainm ‘Coronavirus’ díreach tagtha chun cinn ó Wuhan, an tSín. Tá an víreas scaipthe ar fud an domhain, le 69.6 milliún cás agus 1.58 milliún bás ar a laghad. Fuair ​​Kobe Bryant agus a iníon bás le seachtar eile, nuair a bhí timpiste ag an héileacaptar a raibh siad ag taisteal ann an 26 Eanáir. Impeachment an Uachtaráin Donald Trump. Fuair ​​Trump iomardú i mí Eanáir chun fiosrú a d...

Binn Éadair - Eve

I mbliana, chuaigh grúpa mac léinn go Binn Éadair leis an scoil chun imeachtaí a dhéanamh san Idirbhlian le haghaidh bliain na Gaeilge ón ETBI.  D'fhág muid an scoil go luath ar maidin ar bhus agus thug an bus muid chun an bhaile, agus is ansin bhíomar ag súil leis an tsiúlóid 3.5 míle go teach solais Bhinn Éadair agus ar ais arís chun an bhaile. Bhí an tsiúlóid cineál deacair ach bhain mé taitneamh as mar bhí mé le mo chairde.  Bhíomar ag caint agus ag gáire an bealach ar fad. Nuair a shroicheamar ar ais sa bhaile bhí cead againn le breathnú timpeall orainn féin agus bia a fháil. Fuair mo chara eile agus mé fhéin sceallóga, bhí siad an-bhlasta ach is beag nár ionsaíodh muid do na sceallóga ag na faoileáin. Ach sa deireadh, bhíomar ar ais ar an mbus ag taisteal ar ais ar scoil, sásta ach tuirseach.

Ceardlann Podchraoltóireachta - Eimear

Le linn Bhliain na Gaeilge i mbliana, bíonn sé deacair imeachtaí a dhéanamh ach tá a lán rudaí suimiúla á ndéanamh ag mo scoil. Bhain mé an-taitneamh as an gceardlann podchraoltóireachta a rinne muid. Cuireadh mé i ngrúpa le cuid de mo chairde agus rinneamar é ar Zoom, d’éist muid le go leor podchraoltaí éagsúla agus d’fhoghlaimíomar conas ár bpodchroladh féin a thaifeadadh. Mhair sé dhá lá thar Zoom, ach de ghnáth ar scoil maireann sé lá scoile. Taitníonn ár bpodchraoladh ranga Ardán na Feóire liom agus mar sin, scríobh agus thaifeadamar ár bpodchroladh féin. Rinneamar eagarthóireacht freisin. Bhí orainn ceol inteoir a athmhúnlú ag úsáid an aip Bandlab. Ba é an ceol a dhéanamh an píosa ab fhearr liom. Bhí mo phodchraoladh faoi na cúig mhiotais Ghréagacha is fearr liom. Ba dheacair é seo a chur in eagar agus a thaifeadadh ach ba mhór an spraoi é. Bhain mé taitneamh as a bheith ag éisteacht le podchraoltaí mo chairde, cuid acu taifeadta le chéile. Ba bhreá liom podchraoladh a thosú le m...