Tá Donavan Hunt nó Tekkz, mar is fearr aithne air, ar cheann de na himreoirí FIFA is fearr ar domhan.
Rugadh agus tógadh Tekkz i Sasana agus tháinig sé ar an saol ar an 2ú Meitheamh 2002. Thaitin leis i dtólamh a bheith ag imirt FIFA ó aois an-óg agus is dóigh go bhfuair sé a cháil nuair a d’imir sé i gcomórtas FIFA ag 16 mbliana d’aois. Ina dhiaidh seo, bhí gach foireann E-Spóirt ag iarraidh é a shíniú ach rinne sé an cinneadh síniú le foireann F2.
Bhuaigh sé an "eWorld Cup" nuair a bhí sé leis an bhfoireann sin agus d'aisrigh sé ansin go dtí an fhoireann espóirt is mó ar domhan, Fnatic. I gcúpla bliain, tá sé tar éis an eWorld Cup, an ePremier League, an eChampions League agus go leor comórtais eile a thabhairt leis go dtí seo.
Deirtear go ndearna Tekkz £250,000 ó dhuais airgid amháin in 2019. Ní thugann sé sin san aireamh an méid airgid atá saothraithe aige ó Twitch,Youtube agus uarraitheoirí eile.Taaitníonn Tekkz le daoine mar gheall ar a stíl ionsaithe imeartha agus ar ndóigh, ar a chuid scileanna cruthaitheacha. Tá sé tar éis go leor a bhaint amach in achar beag ama agus ceapaim, nach bhfuil anseo ach an tús.
Comments
Post a Comment