Le coicís anuas, ní dhearna mé aon phostáil ar ár mblag mar gheall go raibh mé thar a bheith gnóthach agus mé ag obair ar thaithí oibre.
Bhí roinnt deacrachtaí áit a fháil chun mo thaithí oibre a dhéanamh de bharr go raibh dianghlasáil ar siúl agus muid amuigh ach d'éirigh liom áit a fháil i Spar i Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara.
Bhí orm a bheith ag obair óna 9 ar maidin go dtí a 2 a chlog san iarnóin ó Luan go hAoine. Ach, ní raibh sé ró-dheacair mar táim cleachtaithe a bheith ar scoil ag 8:30 do dtí a 3:30.
Is iomaí post a bhí le déanamh agam ar thaithí oibre ach den chuid is mó, bhí orm na tairgí ar fad a chur ar na seilfeanna agus mar sin, bhí mé i gcónaí gnóthach.
Ag deireadh na coicíse, íocadh mé le €100 agus níos tábhachtaí fós, thairg siad post páirtaimseartha dom.
Comments
Post a Comment