Skip to main content

Podchraoladh #3 - Agallamh le Tomás Mac Conmara - Aisling, Conor, Jenny, Ronán

San eagrán seo de Phodchraoladh Ardán na Feóire, atá mar pháirt de Bhliain na Gaeilge ón ETBI, labhraíonn muid le Tomás Mac Conmara ó Mac Conmara Consulting. 

Is údar agus staraí é Tomás Mac Conamara le saineolas ar an tréimhse ó 1916 go 1923 in
Éirinn. Ar chuid de na leabhair atá foilsithe ag Tomás ná "High Prestige, The Story of Clare's All Ireland Hurling Champions of 1914", "Days of Hunger, The Clare Volunteers and the Mountjoy Hunger Strike of 1917" agus "The Time of the Tans", atá bunaithe ar os
cionn 400 taifeadadh pearsanta le seanóirí maidir le Cogadh na Saoirse. 

Dúirt Ryan Tubridy ón Late Late Show agus é ag trácht ar an leabhar The Time of the Tans gur cheart "go mbeadh sé le fáil i ngach leabharlann scoile timpeall na tíre. Tá go leor iarrachta, go leor ama, mothúcháin agus dua acadúil" sa leabhar.

Is féidir éisteacht leis an bPodchraoladh ar Spotify, Google Podcasts, Apple Podcasts agus ar go leor nach iad.

https://open.spotify.com/show/6sbTq8ZxzWdMM6ThSnwRe0



Comments

Postálacha Móréilimh

Athbhreithniú ar 2020 - Eve

 Athbhreithniú 2020 Aontaíonn gach duine nuair a deirim go mbraitheann 2020 mar 10 mbliana brúite isteach i gceann amháin. Tharla an oiread sin rudaí i mbliana. Táim cinnte go ndearna mórchuid na ndaoine dearmad ar a leath acu. Seo blaiseadh den méid a tharla in 2020: Tinte scrobarnach san Astráil. Thosaigh siad i mí na Nollag 2019 agus rinne siad caoineadh isteach sa bhliain nua. Dódh 47 milliún acra, fuair 34 bás agus díláithríodh na mílte. D’fhág an Prionsa Harry agus Meghan Markle an teaghlach ríoga. Painéal Covid-19. Ar 19 Eanáir d’fhógair an ‘World Health Organisation’ go raibh víreas marfach darb ainm ‘Coronavirus’ díreach tagtha chun cinn ó Wuhan, an tSín. Tá an víreas scaipthe ar fud an domhain, le 69.6 milliún cás agus 1.58 milliún bás ar a laghad. Fuair ​​Kobe Bryant agus a iníon bás le seachtar eile, nuair a bhí timpiste ag an héileacaptar a raibh siad ag taisteal ann an 26 Eanáir. Impeachment an Uachtaráin Donald Trump. Fuair ​​Trump iomardú i mí Eanáir chun fiosrú a d...

Binn Éadair - Eve

I mbliana, chuaigh grúpa mac léinn go Binn Éadair leis an scoil chun imeachtaí a dhéanamh san Idirbhlian le haghaidh bliain na Gaeilge ón ETBI.  D'fhág muid an scoil go luath ar maidin ar bhus agus thug an bus muid chun an bhaile, agus is ansin bhíomar ag súil leis an tsiúlóid 3.5 míle go teach solais Bhinn Éadair agus ar ais arís chun an bhaile. Bhí an tsiúlóid cineál deacair ach bhain mé taitneamh as mar bhí mé le mo chairde.  Bhíomar ag caint agus ag gáire an bealach ar fad. Nuair a shroicheamar ar ais sa bhaile bhí cead againn le breathnú timpeall orainn féin agus bia a fháil. Fuair mo chara eile agus mé fhéin sceallóga, bhí siad an-bhlasta ach is beag nár ionsaíodh muid do na sceallóga ag na faoileáin. Ach sa deireadh, bhíomar ar ais ar an mbus ag taisteal ar ais ar scoil, sásta ach tuirseach.

Ceardlann Podchraoltóireachta - Eimear

Le linn Bhliain na Gaeilge i mbliana, bíonn sé deacair imeachtaí a dhéanamh ach tá a lán rudaí suimiúla á ndéanamh ag mo scoil. Bhain mé an-taitneamh as an gceardlann podchraoltóireachta a rinne muid. Cuireadh mé i ngrúpa le cuid de mo chairde agus rinneamar é ar Zoom, d’éist muid le go leor podchraoltaí éagsúla agus d’fhoghlaimíomar conas ár bpodchroladh féin a thaifeadadh. Mhair sé dhá lá thar Zoom, ach de ghnáth ar scoil maireann sé lá scoile. Taitníonn ár bpodchraoladh ranga Ardán na Feóire liom agus mar sin, scríobh agus thaifeadamar ár bpodchroladh féin. Rinneamar eagarthóireacht freisin. Bhí orainn ceol inteoir a athmhúnlú ag úsáid an aip Bandlab. Ba é an ceol a dhéanamh an píosa ab fhearr liom. Bhí mo phodchraoladh faoi na cúig mhiotais Ghréagacha is fearr liom. Ba dheacair é seo a chur in eagar agus a thaifeadadh ach ba mhór an spraoi é. Bhain mé taitneamh as a bheith ag éisteacht le podchraoltaí mo chairde, cuid acu taifeadta le chéile. Ba bhreá liom podchraoladh a thosú le m...