Skip to main content

Madraí - Leah & Eimear

An bhfuill suim agat i madraí? Tá seo an postáil blag duitse!

Is muidne Leah agus Eimear agus beidh muid ag scríobh post blag le chéile. Is postáil é seo faoi ár madraí.








Leah anseo! Fuair mé mo mhadra i rith coraintín. George is ainm dó. Is zuchon é George - meascán idir síotsú agus meascán catach. Is maith liom a bheith ag dul ar súilóid le George. Tá cóta báistí dearg aige do nuair atá sé ag cur báistí agus d' Oíche Shamhna, beidh sé ag gléasadh suas mar Batman.

 Tá George 7 mí d’aois. Tá fionnadh dubh agus bán aige le strící beaga liath freisn. Tá go leor cleasanna ar eolas ag George cosúil le suí síos, luí síos, craith lámha, 5 ard, fán, féach, tar, súil, leagan agus faigh. Ta mé i lár múineadh dó conas rothlú a dhéanamh. Ta George i gcónaí ag rith timpeall nó ag baint greim as cnámha éagsúla. 

Is breá leis nuair a bhíonn tú ag cuimil a bholg nó taobh thiar de a chluasa. Tá deirfúir George ag m'aintín agus tá sí bliain níos sine ná é. Coco is ainm di agus tá fionnadh bán aici.






Dia daoibh, Eimear anseo! Fuair mé mo mhadra Oscar trí bliana ó shin. Is madra tárthála é agus mar gheall ar sin thóg sé tamaill chun é a thraenáil. Chabhraigh sé go mór le Oscar nuair a fuair muid Henry dhá bhliain ó shin. 

Is measán é Oscar do Jack Russell agus síotsú. Tá sé donn agus bán. TIs meascán é Henry do yorkshire terrier agus chihuahua. Is maith le Oscar ag suí in aice leis an bhfuinneog agus breathnú amach. Is breá le Henry daoine agus is maith leis an aird ar fad a bheith dírithe air. Tagann éad ar Henry má thugann muid níos mó airde do Oscar! 

Tá go leor cleasanna ar eolas a cucosúil le craith láimh, cúig suas agus luí síos. Is breá le Oscar mo Dhaid agus is breá le Henry mo mham. Bíonn siad i gconaí ag suí leo. Is breá leo ag dul ar shiúlóidí le chéile agus tagann a lán sceitimíní orthu nuair a théann muid ar shiúlóidí.




Is breá le George, Henry agus Oscar a chéile. Tógann muid iad ar súilód go dtí Pairc Naomh Caitríona. Is maith leo ag dul go dtí an Páirc na Madraí agus ag imirt le chéile ansin. Freisin is breá leo ag imirt le na madraí eile ann. An uair dheireanach a raibh muid ann thóg Leah Coco. Chuaigh madra i ndiaidh coco agus léim George agus Henry isteach chun í a chosaint. Bhí sé go han gleoite ar fad. Is breá le George ag dul ag snámh sna haibhneach ach ní thaitníonn sé le Henry agus Oscar.

Comments

Postálacha Móréilimh

Athbhreithniú ar 2020 - Eve

 Athbhreithniú 2020 Aontaíonn gach duine nuair a deirim go mbraitheann 2020 mar 10 mbliana brúite isteach i gceann amháin. Tharla an oiread sin rudaí i mbliana. Táim cinnte go ndearna mórchuid na ndaoine dearmad ar a leath acu. Seo blaiseadh den méid a tharla in 2020: Tinte scrobarnach san Astráil. Thosaigh siad i mí na Nollag 2019 agus rinne siad caoineadh isteach sa bhliain nua. Dódh 47 milliún acra, fuair 34 bás agus díláithríodh na mílte. D’fhág an Prionsa Harry agus Meghan Markle an teaghlach ríoga. Painéal Covid-19. Ar 19 Eanáir d’fhógair an ‘World Health Organisation’ go raibh víreas marfach darb ainm ‘Coronavirus’ díreach tagtha chun cinn ó Wuhan, an tSín. Tá an víreas scaipthe ar fud an domhain, le 69.6 milliún cás agus 1.58 milliún bás ar a laghad. Fuair ​​Kobe Bryant agus a iníon bás le seachtar eile, nuair a bhí timpiste ag an héileacaptar a raibh siad ag taisteal ann an 26 Eanáir. Impeachment an Uachtaráin Donald Trump. Fuair ​​Trump iomardú i mí Eanáir chun fiosrú a d...

Binn Éadair - Eve

I mbliana, chuaigh grúpa mac léinn go Binn Éadair leis an scoil chun imeachtaí a dhéanamh san Idirbhlian le haghaidh bliain na Gaeilge ón ETBI.  D'fhág muid an scoil go luath ar maidin ar bhus agus thug an bus muid chun an bhaile, agus is ansin bhíomar ag súil leis an tsiúlóid 3.5 míle go teach solais Bhinn Éadair agus ar ais arís chun an bhaile. Bhí an tsiúlóid cineál deacair ach bhain mé taitneamh as mar bhí mé le mo chairde.  Bhíomar ag caint agus ag gáire an bealach ar fad. Nuair a shroicheamar ar ais sa bhaile bhí cead againn le breathnú timpeall orainn féin agus bia a fháil. Fuair mo chara eile agus mé fhéin sceallóga, bhí siad an-bhlasta ach is beag nár ionsaíodh muid do na sceallóga ag na faoileáin. Ach sa deireadh, bhíomar ar ais ar an mbus ag taisteal ar ais ar scoil, sásta ach tuirseach.

Ceardlann Podchraoltóireachta - Eimear

Le linn Bhliain na Gaeilge i mbliana, bíonn sé deacair imeachtaí a dhéanamh ach tá a lán rudaí suimiúla á ndéanamh ag mo scoil. Bhain mé an-taitneamh as an gceardlann podchraoltóireachta a rinne muid. Cuireadh mé i ngrúpa le cuid de mo chairde agus rinneamar é ar Zoom, d’éist muid le go leor podchraoltaí éagsúla agus d’fhoghlaimíomar conas ár bpodchroladh féin a thaifeadadh. Mhair sé dhá lá thar Zoom, ach de ghnáth ar scoil maireann sé lá scoile. Taitníonn ár bpodchraoladh ranga Ardán na Feóire liom agus mar sin, scríobh agus thaifeadamar ár bpodchroladh féin. Rinneamar eagarthóireacht freisin. Bhí orainn ceol inteoir a athmhúnlú ag úsáid an aip Bandlab. Ba é an ceol a dhéanamh an píosa ab fhearr liom. Bhí mo phodchraoladh faoi na cúig mhiotais Ghréagacha is fearr liom. Ba dheacair é seo a chur in eagar agus a thaifeadadh ach ba mhór an spraoi é. Bhain mé taitneamh as a bheith ag éisteacht le podchraoltaí mo chairde, cuid acu taifeadta le chéile. Ba bhreá liom podchraoladh a thosú le m...