Má tá leadrán ort an geimhreadh seo agus do dhóthain fáighte agat do Netflix agus Amazon Prime, seo cúpla rud gur féidir leat a dhéanamh chun do chuid ama a chaitheamh ar bhealach níos éifeachtaí.
1 Conas uirlis ceoil nua a chasadh
Má duine thú a thaitníonn ceol na Nollag leat, seans go mbeadh ionadh an domhain ort, ach d'fhéadfadh tusa a bheith á chasadh! Déan iarracht teacht ar uirlís ceoil a thaitníonn leatsa agus buail faoi!
2 Scil an Ghrinn
Tá a fhios ag madraí an bhaile go mbíonn éifeachtach mhór ag duine greannmhar ar atmaisféar cóisire. Más le scéal greannmhar nó le haithris, tá neart bealaí ann gur féidir leat tú féin a chur i lár an aonaigh do chóisir na Nollag i mbliana.
3 Machnamh
Creid é nó ná creid, tá machnamh ar cheann de na cleachtais is fearr le haghaidh do shláinte mheabhrach. Tá neart buntáistí bainteach le machnamh, mar shampla: an ábaltacht díriú ar chúrsaí níos fearr, mothúcáin diúltacha a laghdú agus an ábaltacht cuimhnithe a fheabhsú.
Comments
Post a Comment