Skip to main content

Tuirseach ag cuartú cláir nua ar Netflix? - Niall


Is treoir é seo faoi na cláir is fearr a bheidh ag teacht amach sna míonna atá le teacht.

1. ‘Top Boy’ séasúr 2.

Is dráma coireachta é a chruthaigh Ronan Bannett.

Is sraith é Top Boy faoi mhangaire drugaí i London. Tá siad ag lorg cumhacht ar sráideanna Londain ach tá a thóir d’airgid agus cumhacht curtha faoi bhagairt ag déagóirí óga. Tá an dara séasúr ag teacht amach go luath sa bhliain 2021.

2. ‘Narcos’ séasúr 4

Sraith teilifíse drámaíochta coireachta Meiriceánach é Narcos a chruthaigh agus a léirigh Chris Brancato, Carlo Bernard, agus Doug Miro.

Is sraith é faoi scéal Pablo Escobar agus conas a rinne sé na billiúin ag díol cócaoin. Le sin, tá sé bunaithe ar a thitim agus conas gur gabhadh é.

Tá an ceathrú séasúr le teacht amach thart ar samhradh 2021.

3. ‘Outer banks’ séasúr 2


Is sraith mheiriceánach é seo a chruthaigh Josh Pate, Jonas Pate agus Shannon Burke.

Tá sé faoi ghrúpa dhéagóirí atá ag lorg $400 milliúin d’ó agus, chomh maith leis sin, tá an príomhcharactar John B, ag lorg á athair ag an ám céanna.

Tá sé ráite ag an bhfoireann Outer Banks go mbeidh an seasúin nua amach roimh deireadh samhraidh 2021.

Táim ag súil leis an 3 séasúr nua seo a fheiceáil mar go raibh an-tóir orthu i measc daoine óga atá tar éis iad a fheiceáil ar dtús.


Comments

Postálacha Móréilimh

Athbhreithniú ar 2020 - Eve

 Athbhreithniú 2020 Aontaíonn gach duine nuair a deirim go mbraitheann 2020 mar 10 mbliana brúite isteach i gceann amháin. Tharla an oiread sin rudaí i mbliana. Táim cinnte go ndearna mórchuid na ndaoine dearmad ar a leath acu. Seo blaiseadh den méid a tharla in 2020: Tinte scrobarnach san Astráil. Thosaigh siad i mí na Nollag 2019 agus rinne siad caoineadh isteach sa bhliain nua. Dódh 47 milliún acra, fuair 34 bás agus díláithríodh na mílte. D’fhág an Prionsa Harry agus Meghan Markle an teaghlach ríoga. Painéal Covid-19. Ar 19 Eanáir d’fhógair an ‘World Health Organisation’ go raibh víreas marfach darb ainm ‘Coronavirus’ díreach tagtha chun cinn ó Wuhan, an tSín. Tá an víreas scaipthe ar fud an domhain, le 69.6 milliún cás agus 1.58 milliún bás ar a laghad. Fuair ​​Kobe Bryant agus a iníon bás le seachtar eile, nuair a bhí timpiste ag an héileacaptar a raibh siad ag taisteal ann an 26 Eanáir. Impeachment an Uachtaráin Donald Trump. Fuair ​​Trump iomardú i mí Eanáir chun fiosrú a d...

Binn Éadair - Eve

I mbliana, chuaigh grúpa mac léinn go Binn Éadair leis an scoil chun imeachtaí a dhéanamh san Idirbhlian le haghaidh bliain na Gaeilge ón ETBI.  D'fhág muid an scoil go luath ar maidin ar bhus agus thug an bus muid chun an bhaile, agus is ansin bhíomar ag súil leis an tsiúlóid 3.5 míle go teach solais Bhinn Éadair agus ar ais arís chun an bhaile. Bhí an tsiúlóid cineál deacair ach bhain mé taitneamh as mar bhí mé le mo chairde.  Bhíomar ag caint agus ag gáire an bealach ar fad. Nuair a shroicheamar ar ais sa bhaile bhí cead againn le breathnú timpeall orainn féin agus bia a fháil. Fuair mo chara eile agus mé fhéin sceallóga, bhí siad an-bhlasta ach is beag nár ionsaíodh muid do na sceallóga ag na faoileáin. Ach sa deireadh, bhíomar ar ais ar an mbus ag taisteal ar ais ar scoil, sásta ach tuirseach.

Ceardlann Podchraoltóireachta - Eimear

Le linn Bhliain na Gaeilge i mbliana, bíonn sé deacair imeachtaí a dhéanamh ach tá a lán rudaí suimiúla á ndéanamh ag mo scoil. Bhain mé an-taitneamh as an gceardlann podchraoltóireachta a rinne muid. Cuireadh mé i ngrúpa le cuid de mo chairde agus rinneamar é ar Zoom, d’éist muid le go leor podchraoltaí éagsúla agus d’fhoghlaimíomar conas ár bpodchroladh féin a thaifeadadh. Mhair sé dhá lá thar Zoom, ach de ghnáth ar scoil maireann sé lá scoile. Taitníonn ár bpodchraoladh ranga Ardán na Feóire liom agus mar sin, scríobh agus thaifeadamar ár bpodchroladh féin. Rinneamar eagarthóireacht freisin. Bhí orainn ceol inteoir a athmhúnlú ag úsáid an aip Bandlab. Ba é an ceol a dhéanamh an píosa ab fhearr liom. Bhí mo phodchraoladh faoi na cúig mhiotais Ghréagacha is fearr liom. Ba dheacair é seo a chur in eagar agus a thaifeadadh ach ba mhór an spraoi é. Bhain mé taitneamh as a bheith ag éisteacht le podchraoltaí mo chairde, cuid acu taifeadta le chéile. Ba bhreá liom podchraoladh a thosú le m...