Skip to main content

Na margaí is fearr ar Fut Champions FIFA 21 - Cian



Seo liosta de na himreoirí is fearr don phraghas is fearr ar Ultimate Team ar Fifa 21 do Fut Champions dar liom. 


Níor phioc mé ach imeoirí atá úsáidte agam sa chluiche. Má tá aon smaointe difriúl agatsa, ba bhreá liom iad a chloisteáil sna nótaí tráchta thíos!





1. Cúl báire - David de Gea

Ní chóir duit mórán airgid a chaitheamh ar chúl báire mar níl mórán eatharthu. Phioc mé De Gea mar gheall ar an bpraghas íseal, Ar 12k, faigheann tú duine atá ar cheann de na cúil báire is fearr sa chluiche ar phraghas i bhfad níos saoire.



2. Cosantóir - Sergio Ramos

Déanann go leor daoine neamhaird a thabhairt ar Sergio Ramos de bharr a easpa luais. Ach le bheith ionraic, úsáideann mé é le Joe Gomez agus níl mórán eatharthu cé gurb é Gomez ceann de na cosantóirí is cotianta de bharr a luas. Níl mórán difríocht praghais eatharthu agus tá Sergio Ramos i bhfad níos fearr mar chosantóir.




3. Lár na páirce - Allan

Tá allan ag imirt an-stuif go deo an bhliain seo ar FIFA. Is CDM íontach é lena ghreamú agus a phasáil íontach. Is cineál Kante níos saoire é.




4. Tosaigh - Ousmane Dembélé

Taitníonn Dembélé go mór liom ar chúpla fáth. An chéad ceann ná a sholúbthacht ar an bpáirc. Is féidir leis imirt ar na cliatháin, CAM nó chun tosaigh. An dara rud a thaitníonn ná cé cohmh maith is atá sé. Tá a rith ar an liathróid, a luas iontach agus tá 5 réalt cos lag agus scileanna aige. An tríú rud a thaitníonn liom ná a phraghas. 50k le haghaidh ceann de na tosaithe is fearr ar an gcluiche.



5. Ionsaitheoir- Wissam Ben Yedder.

Is ionsaitheoir iontach é mar gheall ar a luas, críochnú agus tá 5 réalt cos lag aige. Ciallaíonn sé seo gur ionsaitheoir íontach é ar phraghas saor.




Comments

Postálacha Móréilimh

Athbhreithniú ar 2020 - Eve

 Athbhreithniú 2020 Aontaíonn gach duine nuair a deirim go mbraitheann 2020 mar 10 mbliana brúite isteach i gceann amháin. Tharla an oiread sin rudaí i mbliana. Táim cinnte go ndearna mórchuid na ndaoine dearmad ar a leath acu. Seo blaiseadh den méid a tharla in 2020: Tinte scrobarnach san Astráil. Thosaigh siad i mí na Nollag 2019 agus rinne siad caoineadh isteach sa bhliain nua. Dódh 47 milliún acra, fuair 34 bás agus díláithríodh na mílte. D’fhág an Prionsa Harry agus Meghan Markle an teaghlach ríoga. Painéal Covid-19. Ar 19 Eanáir d’fhógair an ‘World Health Organisation’ go raibh víreas marfach darb ainm ‘Coronavirus’ díreach tagtha chun cinn ó Wuhan, an tSín. Tá an víreas scaipthe ar fud an domhain, le 69.6 milliún cás agus 1.58 milliún bás ar a laghad. Fuair ​​Kobe Bryant agus a iníon bás le seachtar eile, nuair a bhí timpiste ag an héileacaptar a raibh siad ag taisteal ann an 26 Eanáir. Impeachment an Uachtaráin Donald Trump. Fuair ​​Trump iomardú i mí Eanáir chun fiosrú a d...

Binn Éadair - Eve

I mbliana, chuaigh grúpa mac léinn go Binn Éadair leis an scoil chun imeachtaí a dhéanamh san Idirbhlian le haghaidh bliain na Gaeilge ón ETBI.  D'fhág muid an scoil go luath ar maidin ar bhus agus thug an bus muid chun an bhaile, agus is ansin bhíomar ag súil leis an tsiúlóid 3.5 míle go teach solais Bhinn Éadair agus ar ais arís chun an bhaile. Bhí an tsiúlóid cineál deacair ach bhain mé taitneamh as mar bhí mé le mo chairde.  Bhíomar ag caint agus ag gáire an bealach ar fad. Nuair a shroicheamar ar ais sa bhaile bhí cead againn le breathnú timpeall orainn féin agus bia a fháil. Fuair mo chara eile agus mé fhéin sceallóga, bhí siad an-bhlasta ach is beag nár ionsaíodh muid do na sceallóga ag na faoileáin. Ach sa deireadh, bhíomar ar ais ar an mbus ag taisteal ar ais ar scoil, sásta ach tuirseach.

Ceardlann Podchraoltóireachta - Eimear

Le linn Bhliain na Gaeilge i mbliana, bíonn sé deacair imeachtaí a dhéanamh ach tá a lán rudaí suimiúla á ndéanamh ag mo scoil. Bhain mé an-taitneamh as an gceardlann podchraoltóireachta a rinne muid. Cuireadh mé i ngrúpa le cuid de mo chairde agus rinneamar é ar Zoom, d’éist muid le go leor podchraoltaí éagsúla agus d’fhoghlaimíomar conas ár bpodchroladh féin a thaifeadadh. Mhair sé dhá lá thar Zoom, ach de ghnáth ar scoil maireann sé lá scoile. Taitníonn ár bpodchraoladh ranga Ardán na Feóire liom agus mar sin, scríobh agus thaifeadamar ár bpodchroladh féin. Rinneamar eagarthóireacht freisin. Bhí orainn ceol inteoir a athmhúnlú ag úsáid an aip Bandlab. Ba é an ceol a dhéanamh an píosa ab fhearr liom. Bhí mo phodchraoladh faoi na cúig mhiotais Ghréagacha is fearr liom. Ba dheacair é seo a chur in eagar agus a thaifeadadh ach ba mhór an spraoi é. Bhain mé taitneamh as a bheith ag éisteacht le podchraoltaí mo chairde, cuid acu taifeadta le chéile. Ba bhreá liom podchraoladh a thosú le m...