Skip to main content

Beatháisnéis Tiger Woods - Ross

Rugadh Eldrick Tont “Tiger” Woods ar 30ú lá do Nollaig 1975 i Cypress California. Nuair a bhí Tiger óg, d’fhás sé aníos in Orange County California .Bhí maide gailf i lámh Tiger roimh a bhí sé dhá bhlian d’aois. An fáth le sin ná a athair Earl Woods a raibh an-suim aige sa ghailf freisin agus d'imir sé gailf ag leibhéal amaitéarach ag imirt as bac gailf an-íseal.


Nuair nach raibh Tiger ach trí blian d’aois bhí sé ar chár teilifíse i Meiriceá darbh ainm “The Mike Douglas Show” clár mar an gceanna leis an Late Late Show in Éirinn. Ar an gclár, bhí comórtas puttála ag Tiger agus Bob Hope, aisteoir iomráiteach ag an am.Ón lá sin i leith, bhí a fhios ag an domhan faoi Tiger Woods mar pháiste éachtach.



Sna blianta ina dhiaidh sin, thosaigh Tiger ag feabhsú go mór .Nuair a shroich sé 15 bliain d'aois ba é an buaiteoir is oige riamhsa US junior Amateur Championship. Chuaigh Tiger ar aghaidh chun dhá US junior Amateur Championships eile a thabhairt leis.Go dtí an lá seo, is é fós an t-aon duine chun an bua a bheith acu ag an gcomórtas trí huaire.

Ar an 20ú lá do Lúnasa 1996 chas Tiger Woods ina imreoir proifisiúnta. Níor thóg sé mórán ama le Tiger a cheannasaíocht PGA tour a thosnú. In 1997, gan é ach bliain amháin ina ghairm proifisiúnta, bhuaigh Tiger Woods an Masters. Is éan Masters ná an comórtas gailf is tábhachtaí ar domhan. Ón lá sin ar aghaidh níor chuir Tiger aon stop lena cheannasaíocht.


Do dtí seo, tá Tiger tar éis an méid seo a thabhairt leis:


• 82 comórtas ar an PGA Tour

• 5 Masters

• 4 PGA Championships

• 3 US Opens

• 3 British Opens

• 11 imreoir don bhlain ar an PGA tour


Sa lá inniu é tá Tiger fós ag imirt agus tá sé ag imirt chun curiarracht Jack Nicholas a bhriseadh. Is é sin 18 majors a bhuachaint, tá ar Tiger 3 cinn a fháil eile chun é a dheanamh.

Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.