I mbliana bhí Margadh na Nollag ag ár scoil do bhliain na Gaeilge agus bhí seastán ag mo chairde agus mé ann. San alt seo táim chun dul tríd an méid a rinne muid? Conas a rinneamar é agus conas ar éirigh linn ar an lá!
Ar dtús bhí orainn pleanáil cad ba cheart a dhéanamh. Bhí ort téama na Nollag a chur ar siúl agus cloí le rialacha Covid. Bhí ort iad a choinneáil gan lámh ar feadh 3 lá roimhe sin. Shocraigh muid dhá rud a dhíol. Málaí milseán le mála téamaí Nollag agus cón seacláide te le aghaidh Rudolph.
Bhí pas Musgraves ag athair duine de na leaids agus chuamar ansin chun na milseáin a fháil. Chaitheamar timpeall 80 euro ar milseáin. Ansin chuamar go dtí siopa ealaíne chun na rudaí a fháil chun na fabhraí a mhaisiú. mar sin chuireamar na málaí agus na cóin le chéile. Rinne muid ár gcuid fógraíochta agus plean margaíochta uilig trí Ghaeilge ar ndóigh.
Ar an lá níor dhíol muid mórán ar dtús ach tháinig feabhas air níos déanaí. Roimh dheireadh an lae bhí gach rud díolta amach againn. Rinneamar thart ar 70 euro brabús.
Comments
Post a Comment