Is cúlbáire proifisiúnta é Caoimhín Kelleher, imríonn sé ar son Liverpool. Rugadh é i gCorcaigh sa bhliain 1998. Tá Caoimhín Kelleher 22 bliain d’aois. Rugadh é ar an 23ú lá de mí na Samhna. Thosaigh sé ag imirt leis an gclub Ringmahon Rangers. D’imir sé mar thosaí nuair a bhí sé faoi 14 don fhoireann áitiúil Ringmahon Rangers. Bhog sé go Liverpool le linn an 15/16 séasúr. Bhí sé 17 bliain d'aois nuair a bhog sé go Liverpool. Thosaigh sé amach le na faoi u18 agus ansin chuiagh sé ar aghaidh go dtí na faoi 23 agus anois tá sé ar an bhfoireann sinsear.
D’imir Caoimhín Kelleher 7 gcluiche proifisiúnta go dtí seo ar son Liverpool. Ceann amháin sa Premier League, ceann eile i Sraith na gCuradh , trí chluiche san EFL Corn agus dhá chluiche sa Chorn idirnáisiúnta na gCuradh. D’imir Caoimhín Kelleher do Liverpool i Sraith na gCuradh den chéad uair nuair a bhuaigh siad in aghaidh Ajax ar an Máirt seo caite agus dar le Jurgen Klopp gur “ceannaire iontach a bhí ann, cé go raibh sé níos óige ná cuid de na leaids a bhí ar an bhfoireann leis agus cé go raibh sé saghas ciúin.” De bharr a thaispeántas iontach ar an lá, fuair sé tús áite ar an Domhnach i gcoinne Wolves. Níor lig sé aon chúl isteach sa dhá chluiche.
Comments
Post a Comment