Margaret Keenan is ainm don chéad duine ar domhan chun an vaicsín pfizer a ghlacadh. Dúirt an bhean, a chasann 91 an tseachtain seo, gurb é an bronntanas is fearr a d’fhéadfadh sí a fháil. Bá é an chéad vaicsín amach as dáileog de 800,000. Tá níos mó ná 4,000,000 le bheith réidh roimh dheireadh na míosa. Thosaigh an Ríocht Aontaithe ag tabhairt an vaicsín don bhord sláinte agus do chuid mhór de na daoine os cionn 80.
Tháinig nuacht le deanaí go raibh fórmhór de na daoine a raibh tar éis an vaicsín a ghlacadh tar éis fo-iarmhairtí a fháil ón vaicsín, míchompord atá i gceist. M.sh tinneas cinn, lámha pianmhar, tuirse, fiabhras agus fuacht.
Tá an-chuid daoine ag smaoineamh arís faoin vaicsín seo a thógáil mar gheall ar na fo-iarmhairtí a bhaineann leis. I mo thuairim, ceapaim gur fiú an vaicsín a thógáil chomh luath is gur féidir agus rachaidh gach rud ar ais ar an gcaoi a raibh sé roimhe.
Tá rialtas na hÉireann ag súil go mbeidh siad ábalta an vaicsín a thabhairt do dhaoine idir 65-70 agus grúpaí agus daoine leochaileacha i mí Eanáir.
Tá súil agam go mbíonn an seafóid seo thart go luath agus is féidir linn dul ar ais ag an ngnáthshaol.
Comments
Post a Comment