Ar an 3ú de Mheán Fómhair 1961, chuaigh 159 coimeádaithe siochána chuig ang Congó mar gheall ar thrioblóidí a bhí ann. Thar tréimhse 5 lá bhí na saighdúirí Éireannach ag troid in aghaidh 5,000 trúpaí. An léigear de Jadotville an t-ainm atá ar an eachtra seo.
Bhí na coimeádaithe siochána ag rith amach as bia agus armlón ach níor seoladh athneartú dóibh chun cabhrú leo. Bhí siad leo fhéin. Throid siad síos go dtí an pílear deireanach agus tar éis é sin, rinne siad gléas pléascadh seiftithe as na sliogán ó na gunnaí. Ní raibh na saighdiúirí ag iarraidh géilleadh ach ní raibh an t-oifigeach i gceannas sásta chun ligint do aon saighdiúirí eile bás a fháil. Tar éis leanacht ar aghaidh ar feadh 5 lá, gan bia, armlón nó cabhair bhí orthu géilleadh.
Tógadh na saighdiúirí mar phríosúnachaí cogaidh. Rinneadh trádáil de phríosúnachaí cogaidh ón gCongó le haghaidh na saighdiúirí Éireannacha. Tar éis an eachtra ar fad rinne Airm na hÉireann iarracht é a chuir i bhfolach. Sna hámmanna sin bhí sé ciotach chun géilleadh, fiú faoi na cuinsí a raibh curtha ar na trúpaí. Tar éis 56 bhliain, i 2017 bhí gradam curtha ar na saighdiúirí coisithe Éireanach le haghaigh a cosaint chalma agus misneach. Sa lá atá inniu ann, bheadh ardmheas ag mileáta thar timpeall an domhain do saighdiúirí a rinne an rud céanna leis na trúpaí Éireannach ar ais in 1961.
Comments
Post a Comment