Dia dhuit, is mise Seán Mac Óda. Tá mé 15 bliana d'aois. Tá cónaí orm i Léim an Bhradáin i gCo. Cill Dara. Táim ag freastail ar Choláiste Cois Life faoi láthair agus is scoláire mé san idirbhlian atá ag baint an-sult as.
Is duine sportúil mé ach, tá mé in ann a bheith an-leiscúil i mo thuairim féin ar aon nós. Is breá liom a bheith ag suí sa bhaile ag imirt FIFA 21 a tháinig amach coicís ó shin ach easaontaíonn mo mhúinteoir Gaeilge liom faoi sin! Ceapaim go bhfuil sé as a mheabhair ma cheapann sé nach bhfuilim leisciúil!
Is bréa liom an idirbhlian mar gheall nach bhfuil aon scrúdú mór ann agus tis sos é ón Teastas Sóisearach a bhí agam an bhliain seo caite. Is é an rud is fearr liom faoin idirbhlian ná na turais ach, mar gheall ar Covid-19, tá muid an teoranta go maith leo. É sin ráite, chuaigh bliain a ceathair ar fad go Galfcoise agus chuaigh Rang Feóire (mo rang) ar an Máirt. Bhí mé sa ghrúpa le Cathal Seimí agus Ross. Tharla rud dochreidte nuair a bhí muid ar poll a 14 mar d'éirigh liom Poll i gCic Amháin a fháil! Ní raibh mise nó na leaids ábalta é a chrediúnt! Ní raibh na múinteoirí Déaglán nó Callum in ann é a chreidúint freisin! Cheap mé go mbeadh an bua agam mar sin ach is é Ross a tháinig amach chun cinn orainn ar fad, Séimí sa dara háit, mise sa trúú háit agus bhí Cathal bocht ar deireadh.
Comments
Post a Comment