Is éard is sciáil ann ná an gníomh a bhaineann le taisteal thar sneachta ar scionna, go háirithe mar spórt nó mar chaitheamh aimsire. Tarlaíonn sciáil iomaíoch faoi dhá chatagóir: Nordach (rásaíocht tras-tíre, léimneach agus dé-atlan) agus Alpach (rásaíocht síos cnoc nó i líne díreach).
1) Sliabh Aspen
Is é Sliabh Aspen nó Aspen Mountain an áit is fearr chun dul ag sciáil i 2020. Tá sé lonnaithe taobh amuigh de bhaile darbh ainm Aspen i Colorado, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é -8.5 céim Celsius meánteocht i Colorado le linn an Gheimhridh. Osclaíonn Aspen Mountain timpeall ar tús mhí na Samhna agus dúnann sé timpeall deireadh mhí Márta chuile bliain. Tá Aspen Mountain 11,212 troigh ar airde.
2) St Anton
Is é St Anton an áit is fearr chun dul ag sciáil san Ostair. Tá St Anton lonnaithe sna hAlpa agus ba é an chéad chlub sciála a cruthaíodh sna hAlpa. Tá St Anton timpeall ar 2,800 méadar ar airde. Is é -1 céim Celsius meánteocht san Ostair le linn an Geimhreadh. Osclaíonn St Anton timpeall ar tús mí na Nollag agus dúnann sé timpeall deireadh mhí Aibreán chuile bliain.
3) Courchevel, (an Fhrainc)
Is é Courchevel an áit is fearr chun dul ag sciáil sa Fhrainc. Tá Courchevel lonnaithe i Savoie sa Fhrainc. Is ionad sciála d’Alp na Fraince é Courchevel. Is cuid de Los Trois Vallées é, an ceantair sciála nasctha is mó ar domhan. Tá Courchevel 1850 méadar ar airde. Is é 0 céim Celsius meánteocht i Savoie. Osclaíonn Courchevel i lár mí na Nollag agus dúnann sé thart ar deireadh mí Aibreán.
Comments
Post a Comment