Skip to main content

Comórtas "Fighting Words" - Jennifer

Le déanaí, ghlac Rang Feóire páirt sa chomórtas Fighting Words mar chuid d'imeachtaí Bhliain na Gaeilge.  bhí orainn páirt a ghlacadh i gcomórtas darb ainm Fighting Words. Bhí orainn pictiúir a thógáil d’áit a bhí 5km uaidh agus rud éigin a scríobh faoi ag úsáid uimhir 5. Bhí go leor rudaí a d’fhéadfá a dhéanamh mar shampla scéal a scríobh le 5 alt, nó dán a scríobh le cúig fhocal nó líne.


Scríobh mé dhá dhán le 5 líne iontu bhí an chéad cheann faoi phúca a bhí ag taisteal siar agus aniar agus a bhí tuirseach den síor-thaisteal seo. Fuair ​​mé an smaoineamh don dán nuair a bhí na pictiúir á dtógáil agam. Bhí mé ar dhroichead a bhí os cionn an M50 agus na gluaisteáin ag tiomáint faoi agus ba chosúil nach raibh siad seo chun stopadh go deo. Bhí mé ag stánadh ar na pictiúir go raibh na púcaí sa dán cosúil leis na carranna, bíonn siad ag taisteal ar fud na tíre gan stopadh.


Spiorad Sleabhctha

Spiorad ar shlí na fírinne 

Gan socracht is gan suaimhneas

Ag tiomáint timpeall na tíre

Na hanamacha troma ag sleabhcadh le tuirse

Ag spaisteoireacht na sráide ó mhaidin go hoíche.


Scríobh mé  an dara dán faoi shean-droichead, bhí mé ag smaoineamh ar an gcuma a bhí ar cheann an droichid sular scriosadh é. Sin an fáth ar scríobh mé an dán seo mar bhí an t-am ag dul in éag. Tosaíonn an dán ag labhairt faoi cé chomh láidir agus atá an droichead agus ag deireadh an dáin, tá na bealaí éagsúla ina ndéantar é a scriosadh anois.



An Droichead

Ag seasamh ón seánsaol, go láidir

An t-uisce suaimhneach ag sciurdadh

An saol ag dul thar bráid

Miotal iomaíocht meirgeach anois

Ag seasamh ón seánsaol, scriosta ag smoirt.


Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.