Skip to main content

Próifíl an Bhlagálaí - Abby

 Dia Dhuit! Fáilte is fichid chuig mo an mblag ranga

Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as a bheith léamh faoi mo shaol beag.

 





Abby Ní Cholmáin is ainm dom. Táim cúig bliana déag d’aois. Is é mo bhreithlá ar an dara lá is a fiche de mhí Aibreáin. Táim i mo chonaí i nDrimnach, Baile Átha Cliath. Is aoibhinn liom m’áit chónaithe mar tá sé chomh gar don chathair agus gach rud timpeall orm.

 

Táim den tuairim gur dhuine dílis agus grámhar mé. Chomh maith leis sin, is duine an-spórtúil mé. Is breá liom a bheith ag imirt agus a bheith i measc na lucht féachana , d’aon saghas spórt ach go háirithe iománaíocht. Freisin, is bainisteoir mé fhoireann camógaíochta faoi 11. Sin ceann de na rudaí is mó atá suim agam faoi láthair. Imrím camogaíocht mar mo chuid caitheamh aimsire. Bím ag traenaíl trí uaire in aghaidh na seachtaine agus go hiondúil bíonn cluichí ag an deireadh seachtaine againn ach mar gheall ar an bpaindéim seo, cuireadh na cluichí seo ar ceal. D’éirigh le m’fhoireann dul chomh fada leis an gcraobh agus fós ní bhfuair muid an seans chun an cluiche a imirt. 

 

Is breá liom a bheith ag siopadóireacht chomh maith agus nílim in ann stop a chur leis! 

 

Ceann de na scannáin is fearr liom faoi lathair na ‘Burlesque’. Molaim go mór é d’aon duine le suim sa cheol , rince nó fiú amharclannaíocht. Is í Christina Aguilera an príomhcharachtair agus tá ról mór ag Cher chomh maith. 

 

 

I mbliana mar pháirt de mo chúrsa san Idirbhliain, bhí an deis orainn cúrsa a dhéanamh le Microsoft sa rang ríomheolaíocht. Mar sin táim tar éis go leor eolais a fhoghlaim agus tá an t-uafás fós le foghlaim agam faoi.

 

Nuair atáim ar topaic faoi na hIdirbhliana, táim chun mo thuraim a thabhairt faoi céard a cheapaim faoi leis na srianta covid i bhfeidhm. Leis an fhírinne a rá ní raibh ionchais arda agam faoin idirbhlian go háirithe le gach rud atá ar siúl anois bhí a fhios agam nach mbeadh muid in ann an tuafás a dhéanamh faoi. Ach níl díoma orm ar chor ar bith. Níl aon strús orainn an bhliain seo agus bíonn am maith agam i gcónaí. Táim tar éis cairde a dhéanamh le a lán daoine difriúla agus sin an buaic phointe go dtí seo!

 

Sin é uaimse, tá súil agam ghur bhain tú taitneamh as mo bhlag beag. Go dtí amárach.

 

Abby xx

Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.