Skip to main content

Próifíl an Bhlagálaí - Eimear

Dia dhuit! Fáilte go dtí blag rang Feóire - Ardán na Feóire. Tá súil agam go mbainfidh tú sásamh as.

Is mise Eimear. Tá mé cúig bliana déag d'aois ach beidh mé sé déag i gceann míosa.
Tá mé i mo chónaí i Leamhcán i mBaile Átha Cliath.
Is duine gealgaireach agus cairdiúil mé, tá súil agam gur b'shin sin an cás ar aon nós!



Is maith liom ag fuáil agus ag bróidigh i mo chuid ama saor. Is maith liom ag bheith ag cruthú teidí agus rudaí cosúil le sin. Tá dhá madraí agam fresin, Oscar agus Henry is ainm dóibh. Tá  leath chihuahua agus yorkshire terrier é Henry agus is leath shih tzu agus jack russell é Oscar. Tógaim iad ar shiúlóid go minic le mo chairde. Is maith liom  a bheith ag dul ag siopadóireacht i nGleann na Life agus ag dul go dtí an chathair. Is maith liom a bheith ag léamh, ag éisteacht le ceol agus ag féachaint ar scannáin.

Is é an Book Thief an leabhar is fearr liom. Taitníonn sé liom mar tá sé faoi an dara cogadh domhanda agus tá suim mhór agam sa stair. Is é an Green Mile an scannáin is fearr liom, tá scéal álainn aige ach tá sé an-bhrónach. Is maith liom ceol na Beatles ach go háirithe.

D'fhoghlaim mé conas fuáíl an bhliain seo, agus tá súil agam go ngeobhaidh mé níos fearr roimh dheireadh na bliana. Ba mhaith liom roinnt de m'éadaí féin a dhéanamh in áit na dteidí!

Tá an idirbhliain beagán difriúil ón mbliain seo caite mar gheall ar an bpaindéim. Tá súil agam go dtagann vacsín amach go luath ach níl mé cinnte má tá sin chun tarlú . Ba mhaith liom dul ar thurais ach níl muid ábalta. Fós féin, bhí mé ábalta taithí oibre a fháil i ngruagaire agus i mbialann agus tá mé ar bís faoi sin.  

Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.